Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 19:7 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus nuair a ċonaic na daoine go léir an níḋ sin ḃíodar ag ceisneaṁ, agus deiridís gur ag triall ar ḋuine ṗeacaṁail a ċuaiḋ sé ar aoiḋeaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus nuair a ċonnaic na daoine uilig sin, rinne siad monaḃar, ag ráḋ go ndeacaiḋ sé ar aoiḋeaċt ċuig duine peacṫaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus nuair do ċonnacadar uile sin, do ḃíodar ag ceisneaṁ go mí‐ċéadfaċ, g‐á ráḋ, Do ċuaiḋ sé ar aoiḋeaċt isteaċ ag fear atá ’n‐a ṗeacaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus an tan do ċunncadar cáċ uile so, do rinniodar munḃar, ag ráḋ, Go ndeáċaiġ sé a sdeaċ air áoiḋeaċd dionnsuiġe peacṫaiċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 19:7
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Nuair a fuaradar é ċromadar ar ċeisneaṁ i n-aġaiḋ an ḟir ṫiġe,


Agus duḃairt sé leó: Téiġiḋ-se, leis, isteaċ am’ ḟíonġort-sa, agus taḃarfad daoiḃ fé mar a ḃeiḋ ceart.


Nuair a ċonaic na Fairisíniġ an níḋ sin duḃradar le na ḋeisgiobuil: Cad ċuige go n-iṫeann ḃúr máiġistir bia i ḃfoċair na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ?


Agus ḃí na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí ag ceisneaṁ, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaiġ agus iṫeann sé bia ’n-a ḃfoċair.


Agus do ḃrostuiġ seisean anuas, agus do ġlac sé é go h-áṫasaċ.


Agus do ṡeasaiṁ Sacaeus agus duḃairt sé leis an dTiġearna: Féaċ, a Ṫiġearna, tá leaṫ mo ċoda agam ’á ṫaḃairt do sna daoine boċta; agus má ḋeineas éagcóir ar aoinne tá leóirġníoṁ agam ’á ḋéanaṁ leis fó ċeaṫair.


Agus ḃí na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí ag gluaireán, agus deiridís le n-a ḋeisgiobuil-sin: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól i gcuíḃreann puibliocánaċ agus peacaċ?


Ṫáinig Mac an Duine agus é ag iṫe agus ag ól; agus deirṫí-se, Féaċ an fear craosaċ, fear an ḟíona ḋ’ól, cara na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ.


Agus do ċonaic an Fairisíneaċ a ṫug cuireaḋ ḋó an níḋ sin agus duḃairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáiḋ an fear so ḃeaḋ ḟios aige, gan aṁras, cé h-í an ḃean so atá ag teangaḃáil leis agus cad é an saġas í, gur bean ṗeacaṁail í.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ