Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 19:47 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Agus ḃí sé ag teagasg; sa teampul gaċ lá. Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí agus na h-uaisle a d’iarraiḋ é ċur ċun báis,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

47 Agus ḃí sé ag teagasc gaċ uile lá san teampall. Aċt ḃí uaċtaráin na sagart agus na Scríoḃaiḋṫe agus ceannairí an ṗobail ag dúil le n-a ċur ċun báis,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 Agus do ḃí sé ag teagasc gaċ lá sa teampall. Aċt do ḃí uaċtaráin na sagart, agus na scríoḃaiḋṫe, agus cinnirí an ṗobail ag iarraiḋ faille le n‐a ṁilleaḋ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

47 Agus do ḃíoḋ sé teagasg gaċ lá ann sa teampall. Agus díarradar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe agus cinn an ṗobuil eisíon do ṁarḃaḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 19:47
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair a ṫáinig sé isteaċ sa teampul, agus ḃí sé ag teagasg, ṫáinig ċuige uaċtaráin na sagart agus seanóirí na ndaoine, agus duḃradar: Cad é an t-úġdarás atá agat-sa ċun na neiṫe seo a ḋéanaṁ? agus cé ṫug duit an t-úġdarás?


An uair sin duḃairt Íosa leis an sluaġ: Ṫánaḃair amaċ ċun beirṫe orm, agus claiḋṁte agus bataí agaiḃ, mar a ṫiocfaḋ siḃ ċun beirṫe ar ḃiṫeaṁnaċ. Ḃíos am’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasg i nḃúr measg, agus níor rugaḃair orm.


Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí ag éisteaċt leis, agus ḃíodar ag maċtnaṁ féaċaint conus a ṫiocfaidís ar é ṁarḃú; óir ḃí eagla acu roimis, mar ḃí na daoine go léir ag déanaṁ iongna d’á ṫeagasg.


Agus ḃíodar a d’iarraiḋ beirṫe air, aċ ḃí eagla acu roimis an bpobul; óir ḃí ḟios acu gur ċúċa féin a ḃí sé sa tsoluíd sin. Agus d’ḟágadar é agus d’imṫíġeadar.


Agus i gcionn dá lá ḃí féile na Cásga agus an aráin gan giost le ḃeiṫ ann, agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí ’ġá ċuiṁneaṁ conus a ḋéanfaidís breiṫ air agus é ċur ċun báis.


Ḃíos gaċ lá i nḃúr measg sa teampul, ag teagasg agus níor rugaḃair orm. Aċ is ċun an sgriptiúra do ċóṁlíonaḋ é.


Agus níor ḃ’ féidir leó cuiṁneaṁ ar cad a ḋéanfaidís, mar ḃí na daoine go léir ar tinniol ag éisteaċt leis.


Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí a d’iarraiḋ a láṁ do ċur air láiṫreaċ, aċ ḃí eagla na ndaoine orṫa; óir ḃí ḟios acu gur ċúċa féin an tsoluíd a laḃair sé.


Ansan ḃíodar a d’iarraiḋ beirṫe air; agus d’imṫiġ sé as a laṁaiḃ.


D’ḟreagair Íosa é: Do laḃras go h-osgailte leis an ndoṁan; ḋeineas teagasg i gcóṁnuiġe sa tsinagóig, agus sa teampul, mar a gcruinníġid na Iúdaiġ go léir; agus níor laḃras aon níḋ fé ċeilt.


Nár ṫug Maois an dlíġ ḋaoiḃ-se, agus ní ċóṁlíonann aoinne agaiḃ an dlíġ?


Agus ba ṁian le cuid acu breiṫ air; aċ níor ċuir aoinne láṁ air.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ