Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 19:12 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Duḃairt sé, d’á ḃríġ sin: D’imṫiġ duine uasal áiriṫe go dúṫaiġ iasaċta ċun ríġeaċta ġaḃáil dó féin agus teaċt ṫar n-ais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Ar an aḋḃar sin, duḃairt sé: D’imṫiġ duine uasal áiriṫe go tír i ḃfad ó ḃaile ċun ríoġaċt a ġaḃáil dó féin agus a ṫeaċt ṫar ais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Aduḃairt sé d’á ḃriġ sin, D’imṫiġ duine uasal áiriṫe go tír i gcéin, ċum ríoġaċt do ġaḃáil dó féin, agus filleaḋ ar ais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Ar a naḋḃarsin a duḃairt se, Do ċúaiḋ duine uasal áiriġe a régión imċían do ġaḃáil rioġaċda ḋó féin, agus dfilleaḋ air a ais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 19:12
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Nuair a ċonaic an luċt saoṫruiġṫe an mac, duḃradar eatarṫa féin: Sidé an t-oiġre; téanam agus marḃuiġmís é, agus beiḋ an oiġreaċt againn.


Agus ṫáinig Íosa agus do laḃair sé leó, agus duḃairt: Do tugaḋ dóṁ-sa gaċ cóṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ.


Agus do ċrom sé ar laḃairt leó i soluídíḃ: Do ċuir duine fíonġort, agus ḋein sé fál ’n-a ṫímpal, agus ḋein sé clais ann ċun an ḟíona do ḃrúṫ, agus ċuir sé suas túr ann, agus do ċuir sé é ċun luċt saoṫruiġṫe, agus d’imṫiġ sé i gcéin.


Agus an Tiġearna Íosa, tar éis laḃarṫa leó ḋó, do tógaḋ suas ar neaṁ é, agus tá sé ’n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ Dé.


Agus ċrom sé ar an soluíd seo do laḃairt leis na daoine: Do ḋein duine fíonġort agus ċuir sé é ċun luċt saoṫruiġṫe, agus ḃí sé féin i ndúṫaiġ iasaċta ar feaḋ aḃfad.


Agus le linn a ḃeannaċt do ċur orṫa ḋó, do ḋruid sé uaṫa, agus do tógaḋ suas ins na flaṫais é.


Ansan duḃairt Pílát: An rí ṫu, mar sin? D’ḟreagair Íosa: Mar adeirir, is rí mé. Is ċuige do rugaḋ mise, agus is ċuige do ṫánaġ ar an saoġal, ċun go ndéanfainn fiaḋnaise do’n ḃfírinne. Gaċ n-aon a ḃaineann leis an ḃfírinne, éisteann sé le m’ ġlór-sa.


Mar go ḃfuil lá ceapaiṫe aige ċun ḃreiṫeaṁantais a ṫaḃairt ar an ndoṁan do réir ċirt, tríd an ḃfear atá ceapaiṫe aige, ag taḃairt creidiṁ do gaċ aon duine, mar gur ṫóg sé ó sna mairḃ é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ