Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 18:39 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus na daoine a ḃí ag gaḃáil ṫairis ḃíodar ag bagairt air éisteaċt, aċ is aṁlaiḋ do liúiġ sé níba ṁó, A Ṁic Dáiḃid, déin trócaire orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

39 Agus na daoine a ċuaiḋ i dtoiseaċ, ḃagair siad air a ḃeiṫ ina ṫost. Aċt is aṁlaiḋ is mó a scairt seisean: A Ṁic Ḋáiḃiḋ, déan trócaire orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Agus do ḃagair siad‐san do ḃí ar tosaċ air ḃeiṫ ’n‐a ṫost: aċt ba ṁóide do ġlaoḋ sé, A ṁic Ḋáiḃi, déan trócaire orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

39 Agus an dream do ḃí roiṁe do imḋeargadar é, ionnus go mbíaḋ se na ṫoċd: aċd is moide do éiġṁeaḋ seision sin, A ṁic Dáiḃi, déana trócaire oram.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 18:39
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Iarraiḋ, agus taḃarfar daoiḃ; loirgiḋ, agus ġeóḃaiḋ siḃ; buailiḋ, agus osgalófar daoiḃ.


Agus duḃairt Íosa leó: Cad is eagal daoiḃ, a ḋaoine gan puinn creidiṁ? Ansan d’eiriġ sé agus duḃairt sé leis an ngaoiṫ agus leis an ḃfaraige fanṁaint socair, agus ṫáinig ciúnas mór.


Agus nuair a ḃí Íosa ag imṫeaċt as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúiriġ, agus deiridís, Dein trócaire orainne a Ṁic Dáiḃid.


Is mairg daoiḃ-se atá oilte ar an ndlíġ, óir do ṫógaḃair liḃ eoċair na h-eagna; níor ċuaḋaḃair féin isteaċ, agus an ṁuintir a ḃí ag dul isteaċ do ċoisgeaḃair iad.


Agus do laḃair sé soluíd leó ar conus mar is ceart ḃeiṫ coitċianta ag guiḋe ċun Dé, agus gan ḃeiṫ corṫa ḋe.


Agus ḃíodar ag taḃairt na leanḃ féin ag triall air go gcuirfeaḋ sé a láṁ orṫa; agus nuair ċonaic na deisgiobuil an níḋ sin ḃíodar ’ġá gcosg.


Agus do liúiġ sé agus duḃairt sé: A Íosa, A Ṁic Dáiḃid, déin trócaire orm.


Agus do stad Íosa agus duḃairt sé é ṫaḃairt ċuige. Agus nuair a ḃí sé ag teaċt ’n-a ċóṁgar ċuir sé an ċeist ċuige agus duḃairt sé: Cad ba ṁaiṫ leat mé ḋéanaṁ duit?


Agus ḃí cuid de sna Fairisíniġ sa tsluaġ agus duḃradar leis: A Ṁáiġistir, cuir smaċt ar do ḋeisgiobuil.


Agus é ag ráḋ na cainte sin ṫáinig duine ċun uaċtarain na sinagóige agus duḃairt sé leis: Tá t’inġean ṫar éis ḃáis, ná bí ’ġá ċur ċun trioblóide.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ