Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 18:32 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Óir taḃarfar suas do sna geintiḃ é, agus tarcuisneófar é, agus sgiúrsálfar é, agus caiṫfar seilí air;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Óir ḃéarfar suas do na ciniḋeaċa é, agus ḋéanfar magaḋ faoi, agus ḋéanfar é a sciúrsáil, agus caiṫfear seileogaí air,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Oir do‐ḃéarfar é do na Págánaċaiḃ, agus déanfar fonoṁaid faoi, agus do‐ḃéarfar droċ‐íde air, agus caiṫfear seile air;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Oír do ḃéarṫar do na Cineaḋaċaiḃ é, agus do ḋéuntar fonnoṁad faoi, agus maisleóċṫar é, agus géuḃṫar do ṡeliġiḃ air:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 18:32
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan do ṫosnuiġ Íosa ar a ṫaisbeáint d’á ḋeisgiobuil nár ḃfoláir é féin a ḋul go Ierúsalem agus mórán d’ḟulang ós na sínsearaiḃ agus ós na Sgníḃ-neóiríḃ agus ó uaċtaránaiḃ na sagart, agus a ċur ċun báis, agus a aiseiriġe an tríṁaḋ lá.


Agus taḃarfaid siad dos na geintiḃ é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasaḋ ar ċrois; agus eireóċaiḋ sé airís an tríṁaḋ lá.


Agus do rug an ċuid eile acu ar a ṡeirḃísiġ, agus ṫugadar tarcuisne ḋóiḃ, agus ṁarḃuiġeadar iad.


Ansan do ċaiṫeadar seilí sa n-aġaiḋ air, agus ḃuaileadar le dóirniḃ é; agus ḃuail cuid eile acu le n-a mḃasaiḃ sa n-aġaiḋ é, Agus deiridís:


Agus ṫugadar leó é gaḃṫa, agus ṫugadar suas é do Ṗontius Pílát, an riaġaltóir.


Agus do ċrom cuid acu ar ṡeilí ċaiṫeaṁ air, agus ar a aġaiḋ do ċlúdaċ agus ar é ḃualaḋ le dóirniḃ, agus deiridís: Targair: agus ḃí na seirḃísiġ ’ġá ḃualaḋ le n-a mbasaiḃ.


Agus ar maidin lár n-a ṁáireaċ go luaṫ ċuaiḋ uaċtaráin na sagart i gcóṁairle leis na seanóiríḃ agus leis na Sgríḃneóiríḃ, agus leis an gcóṁairle ċoitċian, agus ṫugadar suas Íosa, gaḃṫa, do Ṗílát.


Agus tar éis é sgiúrsáil cuirfid siad ċun báis é, agus eireóċaiḋ sé airís an tríṁaḋ lá.


Agus d’eiriġeadar go léir agus do rugadar ag triall ar Ṗílát é.


Agus ṫug Héród agus a luċt airm tarcuisne ḋó, agus ċuir sé éadaċ bán air, ċun magaiḋ, agus ċuir sé ṫar n-ais ag triall ar Ṗílát é.


Agus ḃí na daoine ’n-a seasaṁ ag féaċaint air, agus ḃí na h-uaċtaráin ag magaḋ faoi leó, agus deiridís: D’ḟóir sé ar ḋaoiniḃ eile, fóireaḋ sé air féin, má ’sé an Críost é a toġaḋ ó Ḋia.


Nuair aduḃairt sé an méid sin do ḃuail seirḃíseaċ a ḃí láiṫreaċ buille ḃais an Íosa agus duḃairt sé; An mar sin a ṫugann tú freagra ar an árdṡagart?


Ansan do rugadar Íosa leó ó Ċáiṗas go dtí an Praetórium. Ḃí sé ’n-a ṁaidin an uair sin, agus níor ċuadar féin isteaċ sa halla, i dtreó ná truailleófaí iad, agus go n-íosfaidís an ċáisg.


D’ḟreagradar agus duḃradar leis: Mura mbeaḋ é seo ḃeiṫ ’n-a ċuirpṫeaċ ní ṫaḃarfaimís ag triall ort-sa é.


Ionus go gcóṁlíonfaí focal Íosa, an focal aduḃairt sé ’ġá ċur i n-iúil cad é an bás a ġeoḃaḋ sé.


D’ḟreagair Pílát: An Iúdaċ mise? Do ḋaoine féin agus na h-árdṡagairt isiad a ṫug suas dóṁ-sa ṫú. Cad ’tá déanta agat?


Do tugaḋ an duine sin a’ cóṁairle ċinnte agus a’ roiṁeólus Dé, agus do ḋeineaḃairse é ċéasaḋ ċun ḃáis le lámaiḃ na gcuirpṫeaċ.


Dia Ábraham agus Dia Isaac agus Dia Iácóib, Dia ár sínsear, a ṫug glóire d’á Ṁac Íosa, an té a ḋeineaḃairse a ḃraṫ agus do ṡéanad i láṫair Ṗíláit, agus eisean ag taḃairt saorḃreiṫe air.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ