Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 18:12 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Deinim-se trosgaḋ ḋá uair sa tseaċtṁain: tugaim deaċṁaḋ as a ḃfuil agam.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Troiscim ḋá uair san tseaċtṁain; ḃeirim deaċṁaiḋe as gaċ níḋ dá ḃfuil agam.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Do‐ġním troscaḋ ḋá uair sa tseaċtṁain, íocaim an deaċṁaḋ ar gaċ a ḃfaġaim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Troisgim fá ḋó ann sa tseaċdṁuin, do ḃeirim deaċṁuiḋ as gaċ ní ḋá sealḃuiġim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 18:12
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir deirim liḃ mura mbeiḋ ḃur ḃfíoraontaċt-sa níos lionṁaire ’ná fíoraontaċt na Sgríḃneóirí agus na ḃFairisíneaċ ní raġaiḋ siḃ isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas.


Seaċnaiḋ agus ná deiniḋ ḃúr ḃfíoraontaċt-sa os cóṁair daoine, i dtreó go ḃfeicfí siḃ, nó ní ḃeiḋ tuarasdal le fáġail agaiḃ i láṫair ḃúr n-Aṫar atá ins na flaṫais.


Agus nuair a ḃeiḋ siḃ ag déanaṁ trosgaiḋ ná bíḋiḋ gruamḋa ar nós na ḃfeallairí; óir doirċiġid siad a gceannaċa, i dtreó go saṁlóċaḋ na daoine iad a ḃeiṫ ag déanaṁ trosgaiḋ. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu.


Agus nuair a ḋéanfaiḋ siḃ úrnuiġṫe, ná bíḋiḋ mar na feallairí gur maiṫ leó úrnuiġṫe ḋéanaṁ ’n-a seasaṁ ins na sinagógaiḃ agus ag cúinníḃ na sráideana, i dtreó go ḃfeiceaḋ daoine iad. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu.


Ansan do ṫáinig deisgiobuil le h-Eóin ag triall air, agus duḃradar: Cad ċuige go ndeinimíd-ne agus na Fairisíniġ trosgaḋ go minic agus ná deinid do ḋeisgiobuil-se trosgaḋ?


Aċ is mairg daoiḃ, a Ḟairisíneaċa, óir cuireann siḃ deaċṁaḋ ar an miontuis agus ar an ruiḃ agus ar gaċ uile luiḃ, agus ní’l suim agaiḃ i mbreiṫeaṁantas Dé ná i ngráḋ Dé. Is aṁlaiḋ ba ċeart so do ḋéanaṁ agus gan rúd do leigint ar lár.


Ní h-eaḋ, dar liom. Mar sin daoiḃ-se, nuair a ḃeiḋ gaċ níḋ déanta agaiḃ mar atá órduiġṫe ḋaoiḃ, abraiḋ: Seirḃísiġ gan ṁaiṫ iseaḋ sinn; an rud a ḃí ḟiaċaiḃ orainn a ḋéanaṁ isé a ḋeineamair.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ