Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 18:11 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Ṡeasaiṁ an Fairisíneaċ agus ḋein sé a ġuiḋe mar seo i n-a aigne féin: A Ḋia, ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat ná fuilim-se mar an ċuid eile de sna daoine, biṫeaṁnaiġ, luċt éagcóra, luċt aḋaltranais, ar nós an ṗuibliocánaiġ seo féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Ṡeasuiġ an Fairisíneaċ agus ġuiḋ sé leis féin mar seo: A Ḋia, ḃeirim buiḋeaċas duit naċ ḃfuil mé mar an ċuid eile de na daoine: creaċadóirí, luċt éagcóra, aḋaltrannaiġ, ná fosta mar an ṗuibliocánaċ seo;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Do ṡeas an Fairisíneaċ agus do‐rinne sé a ġuiḋe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Ḋia, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat naċ mar a ċéile mise agus daoine eile, foġlaiḋṫe, agus luċt éagcóra, agus luċt aḋaltrannais, ná fós duine de ṡaġas an ṗoibleacáin seo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Ar seasaṁ don Ṗairisíneaċ do ḃí sé guiḋe mar so leis féin, A Ḋiá, beirim buiḋeaċas riot, naċ ḃfuilim mar atáid dáoine eile, a luċd fuáduiġ, éugcóraċ, aḋaltrannaċ, nó fós mar an bpuibliocánaċsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 18:11
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Séamus mac Sebedé, agus Eóin a ḋriṫáir, Pilib agus Parṫolán, Tomás, agus Maitiú an puibliocánaċ, Séamus mac Alṗéis, agus Taddeus,


Óir deirim liḃ mura mbeiḋ ḃur ḃfíoraontaċt-sa níos lionṁaire ’ná fíoraontaċt na Sgríḃneóirí agus na ḃFairisíneaċ ní raġaiḋ siḃ isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas.


Agus nuair a ḋéanfaiḋ siḃ úrnuiġṫe, ná bíḋiḋ mar na feallairí gur maiṫ leó úrnuiġṫe ḋéanaṁ ’n-a seasaṁ ins na sinagógaiḃ agus ag cúinníḃ na sráideana, i dtreó go ḃfeiceaḋ daoine iad. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu.


Agus nuair a stadfaiḋ siḃ ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ, má ḃíonn aon níḋ agaiḃ i gcoinniḃ aoinne, maiṫiḋ dó é; ionus go maiṫfeaḋ ḃúr n-Aṫair atá ins na flaṫais ḃúr bpeacaí ḋaoiḃ-se.


Sloigid siad tiġṫe na mbaintreaċ, ’ġá leigint orṫa úrnuiġṫe fada do ráḋ. Isiad a ġeoḃaiḋ an daor-ḃreiṫ is troime.


Agus d’imṫiġ sé féin uaṫa tímpal faid urċair cloiċe, agus ṫáinig sé ar a ġlúiniḃ ag guiḋe,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ