Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 16:8 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus do ṁol an máiġistir an rógaire stíḃaird, mar gur ḋein sé beart ġasta; óir tá clann an tsaoġail seo níos gasta ’ná clann an tsoluis do réir a gcinéil féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Agus ṁol an tiġearna an stuiḃard mí-ionnraic, de ḃríġ go ndearna sé críonnaċt: óir is críonna clann an tsaoġail seo do réir a gcinéil féin ná clann an tsoluis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do ṁol an tiġearna an feallaire maoir toisc go ndearna sé é go cliste: óir is glice clann an tsaoġail seo de réir a gcinéil féin ná clann an tsolais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus do ṁol an tiġearna sdíoḃard na héugcóra, do ḃriġ go ndearuiḋ sé ní glic: oír is glíoca clann an tsáoġailsi ná clann an tsolais iona gcinél féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 16:8
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an t-é a ḋéarfaiḋ focal i n-aġaiḋ Ṁic an Duine, maiṫfar dó é; aċ an t-é a ḋéarfaiḋ i n-aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ é, ní maiṫfar dó é, ar an saoġal so ná ar an saoġal atá le teaċt.


Aċ i dtreó ná taḃarfaimís sgannal dóiḃ, imṫiġ ċun na faraige agus caiṫ duḃán; agus an céad iasg a ṫiocfaiḋ aníos, tóg é; agus osgail a ḃéal, agus ġeoḃair statér ann; tóg é sin agus taḃair dóiḃ sin é asam-sa agus asat féin.


An t-é a ḃíonn dílis sa rud is lúġa, bíonn sé dílis i rud mór; agus an t-é a ḃíonn mí-ṁacánta i rud beag, bíonn sé mí-ṁacánta, i rud mór, leis.


Tá ḟios agam cad a ḋéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíḃardaiḋeaċt mé, go nglacfaid siad ’n-a dtiġṫiḃ mé.


Ansan duḃairt sé le duine eile: Agus tusa, an mór atá ort? Agus duḃairt seisean: Céad ceaṫraṁaḋ cruiṫneaċtan. Duḃairt sé leis: Glac do ḃille agus sgríḃ ċeiṫre fiċid ceaṫraṁaḋ.


Agus duḃairt an Tiġearna leó: Cloiseann siḃ cad duḃairt an breiṫeaṁ ainċeart;


Agus duḃairt Íosa leó: Pósaid agus tugtar le pósaḋ clann an tsaoġail seo.


Aċ an ṁuintir go ḃfeicfar gur fiú iad an saoġal iúd a ṫaḃairt dóiḃ agus an aiseiriġe ó-s na mairḃ, ní pósfar iad agus ní ġlacfaid siad mná.


An ḟaid atá an solus agaiḃ creidiḋ sa tsolus, i dtreó go mbeaḋ siḃ i nḃúr gclann ag an solus. Do laḃair Íosa na neiṫe sin agus d’imṫiġ sé agus do ċeil sé é féin orṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ