Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 16:31 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Agus duḃairt sé leis: Mura n-éistid siad le Maois agus leis na fáiḋe, ní ċreidfidis duine de sna mairḃ féin, dá dtéiġeaḋ sé ag triall orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

31 Agus duḃairt sé leis: Muna n-éistiḋ siad le Maoise agus leis na fáiḋe, dá n-éiriġeaḋ duine ó na mairḃ féin, ní ċreidfeaḋ siad é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Agus aduḃairt sé leis, Muna n‐éistid le Maois agus leis na fáiḋiḃ, ní mó ’ná sin do ċreidfidís, dá n‐éiriġeaḋ duine ó na marḃaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Agus a duḃairt sé ris, Muna néisdiḋ siad ré Maóisi agus ris na fáiġiḃ, dá néirġeaḋ duine ó ṁarḃuiḃ féin, ni ċredidís dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 16:31
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt seisean: Ní h-eaḋ, a aṫair Ábrahaim, aċ má ṫéiġeann duine de sna mairḃ ag triall orṫa déanfaid siad aiṫriġe.


Agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Ní féidir gan sgannail do ṫeaċt, aċ is léanṁar do’n t-é tré n-a dtagaid siad.


Aċ mura gcreideann siḃ a sgríḃinn sin, conus a ċreidfiḋ siḃ mo ḃréiṫre-se?


Agus ḃíoḋ sé ag dul isteaċ sa tsinagóig agus ag laḃairt ann go dána, ar feaḋ trí ṁí, ag díospóireaċt agus ag cur i ḃfeiḋm i dtaoḃ ríġeaċta Dé.


Ansan duḃairt Agrippa le Pól: Is ḃeag ná go n-áitíġeann tú orm iompáil am Críostaíde.


Ansan do ċeapadar lá ḋó, agus ṫáinig a lán acu go dtí an lóisdín ċuige, agus do ṁíniġ sé ḋóiḃ ríġeaċt Dé agus ṫug sé fiaḋnuise ḋóiḃ air. Agus ḃí sé ó’n maidin go dtí an tráṫnóna ag cur ’n-a luiġe orṫa i dtaoḃ Íosa, a’ dliġe Ṁaoise agus as na fáiḋiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ