Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 16:24 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus do liúiġ sé amaċ agus duḃairt sé: A aṫair Ábrahaim, glac truaġ ḋom agus cuir ċúġam Lasarus go gcuiriḋ sé bara a ṁéire i n-uisge agus go ḃfuaraiḋ sé mo ṫeanga, óir táim a’m losgaḋ sa lasair seo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Agus scairt sé amaċ, agus duḃairt: A Abrahaim, a aṫair, déan trócaire orm agus cuir Lasair go dtomaiḋ sé bárr a ṁéire i n-uisce, ċun mo ṫeanga d’ḟuaraḋ, óir tá mé mo ċéasaḋ san ḃlaḋair seo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus do liúiġ sé agus aduḃairt. A aṫair Abraċam, déan trócaire orm, agus cuir uait Lasár, go gcuiriḋ sé bárr a ṁéire i n‐uisce, ċum mo ṫeanga d’ḟuaraḋ: óir atáim fá ċráḋ sa lasair seo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus ar néiṁġe ḋósan an tansin a duḃairt sé, A aṫair Abraham, déana trócaire oram, agus cuir Lásarus do ṫumaḋ barr aṁeóir a nuisge, agus dfúaraḋ mo ṫeangṫa: óir ataim dom roiṗíanaḋ an sa lasairsi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 16:24
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan déarfaiḋ sé leis an muintir a ḃeiḋ ar a láiṁ ċlé: Imṫiġiḋ uaim, a ḋream ṁallaiġṫe, isteaċ sa teine ṡióruiḋe do h-ollaṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingealaiḃ;


Ná h-abraiḋ i n-ḃúr n-aigne: Tá Ábraham i n-a aṫair againn; óir deirim-se liḃ gur féidir do Ḋia clann a ḋéanaṁ d’Ábraham des na cloċaiḃ sin.


Aċ deirim-se liḃ, gaċ duine atá i ḃfeisg le n-a ḃráṫair beiḋ sé ciontaċ do’n ḃreiṫeaṁantas. An t-é áṁṫaċ a déarfaiḋ le n-a ḃráṫair, Raca, beiḋ sé ciontaċ do’n ċóṁairle. Agus an t-é a déarfaiḋ, A amadáin, beiḋ sé ciontaċ cun teine ifrinn.


Agus duḃairt seisean: Ní h-eaḋ, a aṫair Ábrahaim, aċ má ṫéiġeann duine de sna mairḃ ag triall orṫa déanfaid siad aiṫriġe.


Agus duḃairt Íosa leis: Tá slánú fáġalta indiu ag an dtiġ seo de ḃríġ gur de ċlainn Ábrahaim é, leis.


Tugaiḋ uaiḃ, d’á ḃríġ sin, toraḋ a ḃeiḋ ċóṁ maiṫ leis an aiṫriġe, agus ná cromaiḋ ar a ráḋ: Tá Ábraham i n’aṫair againn. Deirim liḃ go ḃféadfaḋ Dia slioċt do ṫógaint ċun Ábrahaim ó-s na cloċaiḃ sin.


D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé léi: Dá mb’eól duit taḃarṫas Dé, agus cé h-é a deir leat, Taḃair ḋom deoċ, is dóiġ gur tusa a ḋ’iarrfaḋ deoċ air-sean, agus ṫaḃarfaḋ sé ḋuit uisge beó.


Aċ an t-uisge a ṫaḃarfad dó déanfaiḋ tobar uisge ḋé istiġ ann, ag fiaraḋ ċun beaṫa síoruiḋe.


Agus an lá deirineaċ, an lá mór d’aimsir na féile, bí Íosa ’n-a ṡeasaṁ agus é ag laḃairt go h-árd, agus deireaḋ sé: Má tá tart ar aoinne, tagaḋ sé ċuġam-sa agus ólaḋ sé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ