Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 16:22 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus ṫárla go ḃfuair an duine boċt bás, agus gur rug na h-aingil suas é go h-uċt Ábrahaim. Agus fuair an fear saiḋḃir bás, agus do cuireaḋ i n-ifreann é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus ṫárla go ḃfuair an fear déirce bás, agus gur iomċar na h-aingle go h-uċt Abrahaim é. Agus fuair an fear saiḋḃir báṡ fosta, agus h-aḋlacaḋ i n-ifreann é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus ṫarla go ḃfuair an boċtán bás, agus go rug na h‐aingle leo é go h‐uċt Abraċaim: agus fuair an duine saiḋḃir bás, leis, agus do h‐aḋlacaḋ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus tárla, go ḃfuair an duine boċd bás, agus gur iomċradar na haingil go huċd Abraṁam é: agus mar an gcéadna fuáir an duine saiḋḃir bás, agus do haḋluiceaḋ é;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 16:22
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tugaiḋ aire gan neaṁṡuím a ḋéanaṁ d’aoinne de’n ṁuintir ḃeag san, mar deirim liḃ go ḃfuil raḋarc do ṡíor agá n-aingealaiḃ sin ins na flaṫais, ar ġnúis m’Aṫar-sa, atá ins na flaṫais.


Agus cuirfiḋ sé a aingil amaċ, le trúmpa agus le guṫ árd: agus cruinneóċaid siad a ḟíoraoin ós na ċeiṫre gaoiṫiḃ, ó uaċtar na ḃflaṫas go dtí a n-íoċtar.


Agus deirim liḃ go dtiocfaiḋ a lán daoine ó’n ndoṁan toir agus ó’n ndoṁan tiar, agus go luiġfid siad i ḃfoċair Ábrahaim agus Isaaic agus Iácóib,


Mar, cad é an tairḃe do ḋuine an saoġal go léir a ḃuaċtaint má ċailleann sé a anam féin?


Aċ duḃairt Dia leis: A amadáin, éileófar t’anam ort anoċt féin, agus cé aige go mbeiḋ a ḃfuil cruinniġṫe agat?


Agus ba ṁian leis an t-ocras a ḃaint de féin leis an mbrúscar bíḋ a ḃí ag tuitim de ḃórd an ḟir ṡaiḋḃir, agus ní taḃarfaí ḋó é; agus ṫagaḋ na gaḋair agus do liġdís a ċréaċta.


Ní ḟeacaiḋ aoinne riaṁ Dia; an t-Aon Ṁac atá i n-uċt an Aṫar isé ḋ’aiṫris.


Ṫárla go raiḃ ’n-a luiġe i n-uċt Íosa duine ḋ’á ḋeisgiobulaiḃ ba ró-ionṁuin le h-Íosa.


D’iompuiġ Peadar agus ċonaic sé an deisgiobul eile, an t-é dob’ ionṁuin le h-Íosa, ag leanṁaint, an t-é do luiġ ar a uċt ag an suipéar agus aduḃairt: A Ṫíġearna, cé h-é an fear a ḋíolfaiḋ ṫú?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ