Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 16:15 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus duḃairt sé leó: Is siḃ-se a ḋeineann siḃ féin fíoraonta i súiliḃ daoine, aċ is eól do Ḋia ḃúr gcroiḋṫe; agus an rud atá árd i súiliḃ daoine, tá gráin ag Dia air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus duḃairt sé leo: Is siḃ-se an dream a ġní síḃ féin cóir i ḃfiaḋnaise na ndaoine, aċt is eol do Ḋia ḃur gcroiḋṫe; óir an níḋ a ḃíos árd i meas daoine, bíonn sé fuaṫṁar i láṫair Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus aduḃairt sé leo, Is siḃ‐se an dream ṁaoiḋeas as ḃúr ḃfíréantaċt féin i ḃfiaḋnaise na ndaoine; aċt is eol do Ḋia ḃúr gcroiḋeaċa istiġ: óir an niḋ atá fá árd‐ṁeas i measc daoine, is gráin le Dia é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus a duḃairt seision ríu, Is siḃsi an dream ṡáorus siḃ féin a ḃfíaḋnuisi na ndaoine; aċd is aiṫnid do Dia ḃur grioḋeṫe: óir an ní atá fá ṁóirċion a ḃfiáḋnuisi na ndaóine atá sé gráineaṁnil a ḃfiáḋnuisi Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 16:15
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Deinid siad gaċ obair leó, áṁṫaċ, ionus go ḃfeicfeaḋ na daoine iad; leaṫnuiġid siad a ḃfulactéirí agus méaduiġid siad faḃraí a mbrat.


Agus nuair a ḃeiḋ siḃ ag déanaṁ trosgaiḋ ná bíḋiḋ gruamḋa ar nós na ḃfeallairí; óir doirċiġid siad a gceannaċa, i dtreó go saṁlóċaḋ na daoine iad a ḃeiṫ ag déanaṁ trosgaiḋ. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu.


D’á ḃríġ sin, nuair a ḃeiḋ déirc agat ’á ḋéanaṁ ná bíoḋ aḋarc d’á séideaḋ róṁat amaċ agat, mar a ḃíonn ag na feallairíḃ ins na sinagógaiḃ agus ar na sráidiḃ, i dtreó go dtaḃarfaḋ na daoine onóir dóiḃ. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu.


Agus nuair a ḋéanfaiḋ siḃ úrnuiġṫe, ná bíḋiḋ mar na feallairí gur maiṫ leó úrnuiġṫe ḋéanaṁ ’n-a seasaṁ ins na sinagógaiḃ agus ag cúinníḃ na sráideana, i dtreó go ḃfeiceaḋ daoine iad. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu.


Aċ duḃairt sé le h-Íosa, a d’iaraiḋ é féin do ċeartú: Agus cé h-é mo ċóṁarsa?


Agus duḃairt an Tiġearna leis: Anois, a Ḟairisíneaċa, glanann síḃ-se an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis; agus bíonn an taoḃ istiġ díḃ féin lán de ġadaiḋeaċt agus de ṁalluiġṫeaċt.


Ṡeasaiṁ an Fairisíneaċ agus ḋein sé a ġuiḋe mar seo i n-a aigne féin: A Ḋia, ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat ná fuilim-se mar an ċuid eile de sna daoine, biṫeaṁnaiġ, luċt éagcóra, luċt aḋaltranais, ar nós an ṗuibliocánaiġ seo féin.


Deirim liḃ, do ċuaiḋ sé sin aḃaile ar staid na ngrást, murab ionan a’s an fear eile. Óir gaċ duine ḋ’árdóċaiḋ é féin, úṁlófar é; agus gaċ duine a ḋ’úṁlóċaiḋ é féin, árdófar é.


Agus duḃairt seisean: Táid siad san go léir coimeádta agam ó m’ óige.


Agus duḃairt sé an tsoluíd seo le raint daoine a ḃí mainġíneaċ asta féin, mar ḋ’eaḋ go raḃadar fíoraonta, agus droċ-ṁeas acu ar ḋaoiniḃ eile:


Agus ḃíodar ag faire, agus ċuireadar ċuige luċt fill do leigfeaḋ orṫa gur ḋaoine macánta iad, ċun buntáiste ḃreiṫ air ’n-a ċaint, i dtreó go ndéanfaidís é ṫaḃairt suas do ċóṁaċt agus d’úġdarás an ġoiḃearnóra.


Sloigid siad tiġṫe na mbaintreaċ, ’ġá leigint orṫa úrnuiġṫe fada do ráḋ. Isiad a ġeoḃaiḋ an daor-ḃreiṫ is troime.


Agus toisg gan aon ġáḋ ḃeiṫ aige le teistiméireaċt ó aoinne ar aon duine; óir dob’ eól dó féin cad a ḃí sa duine.


Duḃairt sé leis: Dein m’ uain do ċoṫú. Duḃairt sé leis an tríṁaḋ h-uair: A Ṡímóin ṁic Eóin, an ḃfuil gráḋ agat dom? Ṫáiniġ buairt ar Ṗeadar, toisg é ’ġá ráḋ leis an tríṁaḋ h-uair: An ḃfuil gráḋ agat dom? Agus duḃairt sé leis: A Ṫiġearna, tá fios gaċ uile níḋ agat-sa; tá ’ḟios agat go ḃfuil gráḋ agam duit. Duḃairt sé leis: dein mo ċaoire do ċoṫú.


Do fuair an fear san talaṁ le tuarasdal a ḋroċ-ġníṁ, agus do croċaḋ é agus do sgoilt air ’n-a lár agus do ṫuit na h-inní go léir amaċ as.


Agus ḋeineadar úrnuiġṫe agus duḃriadar: Déinse, a Ṫiġearna, ó’s agat atá fios croiḋe gaċ duine, a ṫaisbeáint cia’cu de’n ḃeirt seo is roga leat,


Agus Dia a ċíonn an croiḋe, ṫug sé fiaḋnaise ’na ḃfáḃar, mar do ṫug sé an Spioraid naoṁ dóiḃ fé mar a ṫug se ḋúinne é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ