Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 16:13 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Ní féidir d’aon tseirḃíseaċ rud a ḋéanaṁ ar ḋá ṁáiġistir; óir beiḋ fuaṫ aige do ḋuine acu, agus gráḋ do’n duine eile; nó claoiḋfiḋ sé le duine acu, agus cuirfiḋ sé neaṁṡuim sa duine eile. Ní féidir daoiḃ Dia d’ḟrioṫalaṁ agus mammon.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Ní ṫig le seirḃíseaċ ar biṫ seirḃís a ḋéanaṁ do ḋá ṁáiġistir: óir béiḋ fuaṫ aige ar ḋuine acu, agus gráḋ aige do’n duine eile, nó claoiḋfiḋ sé le duine acu, agus béiḋ díṁeas aige ar an duine eile. Ní ṫig liḃ seirḃís a ḋéanaṁ do Ḋia agus do ṁammon

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Ní ḟéadann aon tsearḃónta seirḃís do ḋéanaṁ do ḋá ṁáiġistir: óir béiḋ fuaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ do’n duine eile; nó claoiḋfiḋ sé le duine aca, agus béiḋ droċ‐ṁeas aige ar an duine eile. Ní féidir ḋaoiḃ fóġnaṁ do Ḋia agus do Ṁamón.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Ní héidir le searḃfoġantuiḋe ar biṫ seirḃis do ḋéanaṁ do ḋá ṫiġearna: óir biáidḋ fúaṫ aige do neaċ aca, agus gráḋ don dara fear; nó ceangalfuiḋ sé do ḋuine aca, agus do ḃéara sé tarcuisne ar an dara fear. Ní héidir liḃ seirḃís do ḋéanaṁ do ḋía agus do Ṁammon.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 16:13
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan duḃairt Íosa leis: Imṫiġ, a Ṡátain; Óir tá sgríoḃṫa: Aḋarfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia, agus beiḋ tú uṁal dó san aṁáin.


Ní féidir d’aoinne rud a ḋéanaṁ ar ḋá ṁáiġistir: óir beiḋ fuaṫ aige do ṁáiġistir acu agus gráḋ do’n ṁáiġistir eile; nó cuirfiḋ sé suas le duine acu agus beiḋ droċ-ṁeas aige ar an nduine eile. Ní féidir daoiḃ Dia agus Mammon d’ḟriṫálaṁ.


An t-é ná fuil liom tá sé am’ ċoinniḃ, agus an t-é ná deineann cnuasaċ mar aon liom deineann sé sgaipeaḋ.


Má ṫagann duine ċúġam-sa agus gan fuaṫ aige d’á aṫair agus d’á ṁáṫair, agus d’á ṁnaoi agus d’á ċlainn, agus d’á ḋriṫáraċa agus d’á ḋriféaraċa, agus fós d’á anam féin, ní féidir dó ḃeiṫ ’n-a ḋeisgiobul agam.


Agus murar dílis siḃ i gcuid duine eile, cé ṫaḃarfaiḋ daoiḃ ḃúr gcuid féin?


Agus deirim-se liḃ-se: Deiniḋ daoine muintearṫa ḋaoiḃ féin leis an saiḋḃreas claon so, i dtreó, nuair a ḃeiḋ siḃ claoiḋte, go nglacfaidís siḃ isteaċ ins na tiġṫiḃ síoruiḋe.


Agus duḃairt Íosa leis: Ná coisgiḋ é: mar, an t-é ná fuil i nḃúr gcoinniḃ tá sé liḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ