Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 15:29 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus duḃairt seisean le n’aṫair ’ġá ḟreagraḋ: Féaċ, táim-se ag obair duit na blianta so go léir, agus níor ḋiúltuiġeas riaṁ do rud a déanaṁ ort, agus níor ṫugais riaṁ dom oiread agus mionán ċun súḃaċais a ḋeanaṁ le m’ċáirdiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

29 Agus d’ḟreagair seisean, agus duḃairt le n-a aṫair: Féaċ, an méid bliaḋan atá mise ag déanaṁ seirḃíse duit, ní ḋeaċaḋ mé ariaṁ ṫar do ċóṁairle, agus ní ṫug tú fiú mionnán daṁ le féasta a ḋéanaṁ i gcuideaċta mo ċarad;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Aċt d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé le n‐a aṫair, Féaċ, atáim‐se ag obair ḋuit na bliaḋanta fada so, agus níor ṡáruiġeas t’órdú riaṁ: agus ’n‐a ḋiaiḋ sin ní ṫugais oiread agus meannán dom ċum go ndéanfainn súḃaċas lem’ ċáirdiḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Aċd ar ḃfreaga ḋosan a duḃairt sé ris a aṫair, Féuċ, a táimsi ag déanaṁ agus nior ṡáruiġ mé haiṫne a riaṁ: gíḋeaḋ ní ṫug tú fin an ṁeannáin ḋaṁ ariaṁ, ionnus go mbéinn go súgaċ rém ċáirdiḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 15:29
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃradar: Níos ḋeineadar so a ṫáinig go déanaċ aċ uair oibre, agus ċuiris ar aon dul leó san sinne a ḋ’ḟuiling cruaḋtan agus broṫall an lae.


Agus ṫáinig fearg air, agus ní raġaḋ sé isteaċ. Ansan ṫáinig an t-aṫair amaċ agus ċrom sé ar ṫaṫant air.


Aċ an mac so ḋuit, ċóṁ luaṫ agus ṫáinig sé, tar éis a ċoda do ċaiṫeaṁ le striapaċaiḃ, ṁarḃuiġis an gaṁain raṁar dó.


Deirim liḃ gurab ṡin mar a ḃeiḋ gáirdeaċas ar neaṁ mar ġeall ar aon ṗeacaċ aṁáin a ḋéanfaiḋ aiṫriġe seaċas naoi ḋuine ḋéag agus ċeiṫre fiċid de ḋaoiniḃ córa ná fuil gáḋ le h-aiṫriġe acu.


Ní h-eaḋ, dar liom. Mar sin daoiḃ-se, nuair a ḃeiḋ gaċ níḋ déanta agaiḃ mar atá órduiġṫe ḋaoiḃ, abraiḋ: Seirḃísiġ gan ṁaiṫ iseaḋ sinn; an rud a ḃí ḟiaċaiḃ orainn a ḋéanaṁ isé a ḋeineamair.


Agus duḃairt sé an tsoluíd seo le raint daoine a ḃí mainġíneaċ asta féin, mar ḋ’eaḋ go raḃadar fíoraonta, agus droċ-ṁeas acu ar ḋaoiniḃ eile:


Óir ḃí eagal agam róṁat, mar is duine cruaiḋ ṫu. Tógann tú an rud nár ċuiris síos, agus baineann tú an fóġṁar nár ċuiris.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ