Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 15:28 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus ṫáinig fearg air, agus ní raġaḋ sé isteaċ. Ansan ṫáinig an t-aṫair amaċ agus ċrom sé ar ṫaṫant air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

28 Agus ḃí fearg air-sean, agus ḋiúltuiġ sé dul isteaċ. Ar an aḋḃar sin, ṫáinic a aṫair amaċ agus ṫoisiġ sé ġá impiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Aċt ṫáinig fearg air, agus ní raċaḋ sé isteaċ: agus ṫáinig a aṫair amaċ agus do ċuir sé impiḋe air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Agus do ġaḃ fearg eision, agus nior ḃáill leis dul a sdeaċ: uimesin ṫáinic a aṫair amaċ, agus do ġoir sé ċuige é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 15:28
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Nuair a fuaradar é ċromadar ar ċeisneaṁ i n-aġaiḋ an ḟir ṫiġe,


Agus ṫáinig ċuige loḃar, ’ġá ġuiḋe, agus d’úṁluiġ sé ḋó agus duḃairt sé: Má’s toil leat é is féidir duit mé ġlanaḋ.


A Ierúsalem, a Ierúsalem, a ṁarḃuiġeann na fáiḋe, agus a ġaḃann do ċloċaiḃ ar na daoine a curtar ċúġat, cad é a ṁinice dob’ áil liom do ċlann a ċruinniú, mar a ċruinniġeann an t-éan a h-ál fé n-a sgiaṫánaiḃ, agus níos ḃ’áil leat!


Agus ḃí na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí ag ceisneaṁ, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaiġ agus iṫeann sé bia ’n-a ḃfoċair.


Agus duḃairt seisean, Ṫáinig do ḋriṫáir, agus do ṁairḃ t’aṫair an gaṁain raṁar toisg é ṫeaċt slán ċuige.


Agus duḃairt seisean le n’aṫair ’ġá ḟreagraḋ: Féaċ, táim-se ag obair duit na blianta so go léir, agus níor ḋiúltuiġeas riaṁ do rud a déanaṁ ort, agus níor ṫugais riaṁ dom oiread agus mionán ċun súḃaċais a ḋeanaṁ le m’ċáirdiḃ;


Agus go ḃfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aiṫriġe agus maiṫeaṁnaċas peacaí.


Agus ḃí na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí ag gluaireán, agus deiridís le n-a ḋeisgiobuil-sin: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól i gcuíḃreann puibliocánaċ agus peacaċ?


Agus do ċonaic an Fairisíneaċ a ṫug cuireaḋ ḋó an níḋ sin agus duḃairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáiḋ an fear so ḃeaḋ ḟios aige, gan aṁras, cé h-í an ḃean so atá ag teangaḃáil leis agus cad é an saġas í, gur bean ṗeacaṁail í.


Ansan nuair a ċonnaic na Iúdaíġ na sluaiġte do líonadar d’ḟormad agus ḃiodar ag bréagnú na cainnte a deireaḋ Pól, go diaṁasluiġṫeaċ.


Aċ do ṡéid na Iúdaíġ fé sna mnáiḃ diaḋa onóraċa agus fé uaisiḃ na caṫaraċ agus ṁúsgladar géareanṁaint ar Ṗól agus ar Ḃarnabas agus ċomáineadar as an dtír iad.


Aċ ḃí na deisgiobuil ’n-a ṫímpall agus d’eiriġ sé agus ṫáinig sé isteaċ sa ċaṫair, agus amáireaċ a ḃí ċuġainn d’imṫiġ sé féin agus Barnabas so Derḃé.


Aċ na Iúdaíġ a ḃí díċreideaṁaċ, do ġríosadar agus do ṡéideadar suas ċun feirge aigne na ngeinte i gcoinniḃ na mbráiṫre.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ