Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 15:20 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus d’eiriġ sé agus ṫáinig sé fé ḋéin a aṫar. Agus an ḟaid a ḃí sé fós aḃfad uaiḋ, do ċonaic an t-aṫair é, agus ṫáinig ana-ṫruaġ aige ḋó, agus do riṫ sé ċuige agus ċaiṫ sé é féin ar a ḃráġaid agus do ṗóg sé é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus d’éiriġ sé agus ṫáinic ag triall ar a aṫair. Agus ċonnaic a aṫair é, nuair a ḃí sé go fóill i ḃfad uaiḋ, agus bogaḋ le truaiġe é, agus ag riṫ ċuige dó, ċrom sé fá n-a ṁuinéal, agus póg sé é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus d’éiriġ sé agus ṫáinig sé ċum a aṫar. Aċt do ċonnaic a aṫair é, agus é fós i ḃfad uaiḋ, agus do ġaḃ truaġ ṁór dó é, agus do riṫ sé, agus do ċaiṫ sé é féin ar a ḃráġaid, agus do ṗóg sé é go dil, díocra.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus deiriġ sé, agus do ċuáiḋ sé dionnsuiġe a aṫaar. Agus ar mbeiṫ fós a gcíanúaḋ ḋó do ċonnaire a aṫair é, agus do ġaḃ truáiġe ṁór ḋó é, agus ag riṫ ḋó, do ċrom sé fá na ḃráġuid, agus do ṗóg sé é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 15:20
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé. Leig dom ḃeiṫ mar ḋuine ded’ luċt tuarasdail a ṫuilleaṁ.


Agus duḃairt an mac leis: A aṫair, tá peacaḋ déanta agam i n-aġaiḋ neiṁe agus ad’ láṫair-se; ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé.


Óir is daoiḃse agus d’ḃúr slioċt an ġeallaṁaint, agus do sna daoine go léir atá i gcéin, pé air go nglaoḋfaiḋ ár d-Tiġearna Dia.


Ansan ḃíodar go léir ag gol go fuíġeaċ agus ag cur a láṁ tímpal ar ṁuinéal Ṗóil agus ’ġá ṗógaḋ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ