Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 15:15 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus d’imṫiġ sé agus do réiḋtiġ sé le duine de ṁuintir na tíre sin. Agus do ċuir seisean é amaċ ċun a ċod’ tailiṁ ag coṫú ṁuc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus d’imṫiġ sé agus ġreamuiġ de ḋuine de ṁuinntir na tíre sin. Agus ċuir seisean go dtí a ḟeirm é, a ḃeaṫuġaḋ muc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus d’imṫiġ sé, agus do ċuaiḋ sé ar aimsir le duine de luċt áitreiḃ na tíre sin; agus do ċuir seisean amaċ é fá’n tír ag buaċailleaċt muc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus do imiġ sé roiṁe agus do ċeangal sé e fein do ċaiṫruiġṫeóir don tír sin; noċ do ċuir fána ḋúitċe a maċ é do ḃúaċuilleaċd muc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 15:15
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ná tugaiḋ an níḋ naoṁṫa dos na madraíḃ; agus na caiṫiḋ ḃúr bpéarlaí ċun na muc, le h-eagla go ngeóḃaidís do ċosaiḃ ionta, agus ansan go n-iompóċaidís oraiḃ agus go stracfaidís siḃ.


Agus tar éis beagán laeṫanta do ḃailiġ an mac ab óige ċuige a ċuid go léir, agus d’imṫiġ sé go dúṫaiġ iasaċta aḃfad ó ḃaile, agus do sgaip sé a ċuid le baois agus le rabairne.


Agus nuair a ḃí gaċ aon rud caiṫte aige ṫáinig gorta ana-ḋian sa tír sin, agus ṫusnuiġ sé ar ḃeiṫ i n-uireasba.


Agus ba ṁaiṫ leis a ḃolg a líonaḋ de sna féiṫleógaiḃ a ḋ’iṫeaḋ na muca, agus ní ṫaḃarfaḋ aoinne ḋó iad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ