Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 14:32 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Agus mura féidir, an ḟaid a ḃeiḋ an fear eile aḃfad uaiḋ, cuirfiḋ sé teaċtaireaċt ċuige ag fiafraiġe i dtaoḃ síoṫċána.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Nó, ar ḃeiṫ dó-san go fóill i ḃfad uaiḋ, cuireann sé teaċtaireaċt ċuiġe a ṫráċt ar ċeist síoṫċána.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Muna ḃféadann, ċóṁ ḟad agus atá an fear eile i ḃfaḋ uaiḋ go fóill, cuireann sé teaċtairí uaiḋ ag éileaṁ síoṫċána.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Nó, ar mbeiṫ ḋósan fós a ḃfad úaḋ, cuiriḋ sé teaċdaireaċd ċuige, agus iarruiḋ sé sioṫċáiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 14:32
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Réiḋtiġ le t’eascaraid go luaṫ, an ḟaid ataoí i n-aonḟeaċt leis sa tslíġ, le h-eagla go dtaḃarfaḋ an t-eascara suas tu do’n ḃreiṫeaṁ, agus go dtaḃarfaḋ an ḃreiṫeaṁ suas d’á ġiolla ṫu, agus go gcurfaí sa ċarcair ṫu.


An t-é a ḋ’iarrfaiḋ rud ort, taḃair dó é; agus má’s mian le duine iasaċt do lorg ort ná h-iompuiġ uaiḋ.


Agus nuair a ḃeiḋ tú ag dul, i n-aonḟeaċt led’naṁaid, i láṫair an ṗriúnsa, dein do ḋíċeal ċun sgaraṁaint leis, le h-eagla go mbéarfaḋ sé i láṫair an ḃreiṫiṁ tu, agus go dtaḃarfaḋ an breiṫeaṁ suas tu do’n ḟeiḋmeadóir, agus go gcuirfeaḋ an feiḋmeadóir sa ċarcair tu.


Nó cé h-é an rí a ḃeaḋ ag dul ċun cogaiḋ a ḋeanaṁ le rí eile, ná suíḋfeaḋ síos ar dtúis ag déanaṁ maċtnaiṁ, féaċaint ar ḃ’ ḟéidir dó, le deiċ míle, seasaṁ i n-aġaiḋ an t-é atá ag teaċt ’n-a ċoinniḃ agus fiċe míle aige?


Ar an gcuma gcéadna, gaċ duine agaiḃ-se ná tugann druim láṁa le n-a ḃfuil aige, ní féidir dó ḃeiṫ ’n-a ḋeisgiobul agam-sa.


Aċ ḃí fuaṫ agá ḋaoine ḋó, agus do ċuireadar teaċtaireaċt ’n-a ḋiaiḋ ’ġa ráḋ: Ní h-áil linn é seo ḃeiṫ ’n-a rí orainn.


Agus ḃí fearg air ċun muinntire Tuíre agus ċun muinntire Ṡídón. Ṫánadar-san áṁṫaċ, do ṫoil a ċéile, ag triall air, agus ḋeineadar muinntearṫas le Blastus, fear seómra an rí, agus d’iarradar sioṫċáin, toisg a dtír féin a ḃeiṫ d’á ċoṫú ó’n rí.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ