Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 14:21 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus d’ḟill an seirḃíseaċ agus d’innis sé na neiṫe sin d’á ṁaiġistir. Ansan ṫáinig fearg ar ḟear an tiġe, agus duḃairt sé le n-a ṡeirḃíseaċ, Imṫiġ amaċ d’uraċar i sráidiḃ agus i bpóirsíḃ na caṫaraċ, agus taḃair leat anso isteaċ na daoine boċta agus na daoine gortuiġṫe agus na daill agus na bacaiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus ar ṗilleaḋ do’n tseirḃíseaċ, d’innis sé na neiṫe sin dá ṫiġearna. Annsin ḃí fearg ar ḟear an tiġe, agus duḃairt sé le n-a ṡeirḃíseaċ: Gaḃ amaċ go tapaiḋ fá ṡráideaċa agus fá ċaḃsaí na caṫraċ, agus taḃair isteaċ annseo na ḃoċta, agus na donáin, na daill, agus na bacaiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus ṫáinig an seirḃíseaċ, agus d’innis sé na neiṫe sin d’á ṫiġearna. Annsin ṫáinig fearg ar ḟear an tiġe, agus aduḃairt sé le n‐a ṡeirḃíseaċ, Imṫiġ amaċ go mear ins na sráidiḃ agus i gcúlánaiḃ na caṫraċ, agus taḃair leat isteaċ annso na boċtáin, agus na máirtíniġ, agus na daill, agus na bacaiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus ar dteaċd don tsearḃfoġautiḋe, dinnis sé na neiṫesi ḋá ṫiġearna. Ann sin ar ngaḃáil feirge dfear an tiġe a duḃairt sé ré ná óglaċ, Imṫiġ go tapuiḋ fá ṡráidiḃ agus taḃair leaċd a sdeaċ annsona boiċd, agus na bacaiġ, agus na doill.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 14:21
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tagaiḋ go léir ag triall orm-sa, gaċ duine go ḃfuil cruaḋtan agus tromualaċ air, agus taḃarfad-sa faoiseaṁ oraiḃ.


Tá raḋarc ag daill; tá siúḃal ag bacaiġ; glantar na loḃair; tá éisteaċt ag daoine a ḃí boḋar; Eiriġid na mairḃ; Tá an Soisgéal d’á ṫeagasg dos na boċtaiḃ.


Ansan do ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige, agus duḃradar leis. An eol duit go ḃfuil sgannal glacaiṫe ag na Fairisíniġ ó airiġeadar an focal san?


Aċ nuair a ċonaic a ċóṁ-seirḃísiġ-sin cad a ḃí déanta, ṫáinig buairt ana-ṁór orṫa, agus ṫánadar agus d’innseadar do’n tiġearna gaċ níḋ fé mar a ṫuit amaċ.


Duḃradar leis: Mar níor réiḋtiġ aoinne linn. Duḃairt sé leó: Téiġiḋ-se, leis, isteaċ am’ ḟíonġort-sa.


Aċ nuair a ḋéanfair féasda glaoiḋ ċúġat na daoine boċta, na daoine gortuiġṫe, na bacaiġ, na daill,


Agus duḃairt duine eile, Ṗósas bean, agus d’á ḃríġ sin ní féidir dom teaċt.


Agus duḃairt an seirḃíseaċ, A ṫiġearna, do deineaḋ mar a ḋ’órduiġis, agus tá slíġ fós.


Deirim liḃ áṁṫaċ, an ṁuintir úd a fuair cuireaḋ, ní ḃlaisfiḋ aon ḟear acu mo ḃia.


Agus go ḃfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aiṫriġe agus maiṫeaṁnaċas peacaí.


Agus ṫáinig na h-Aspoil ṫar n-ais agus d’innseadar dó gaċ a raiḃ déanta acu; agus do rug sé leis iad i leiṫtaoiḃ i n-áit uaigneaċ dár ḃ’ainim Betsaida.


Agus duḃairt Íosa: Ag taḃairt breiṫeaṁantais a ṫánag-sa ar an saoġal so; i dtreó go ḃfeicfeaḋ an ṁuintir ná feiceann, agus go ndallfaí an ṁuintir a ċíonn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ