Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 13:34 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 A Ierúsalem, a Ierúsalem, a ṁarḃuiġeann na fáiḋe, agus a ġaḃann do ċloċaiḃ ar na daoine a curtar ċúġat, cad é a ṁinice dob’ áil liom do ċlann a ċruinniú, mar a ċruinniġeann an t-éan a h-ál fé n-a sgiaṫánaiḃ, agus níos ḃ’áil leat!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 A Ierusalem, a Ierusalem, a ṁarḃas na fáiḋe, agus a ġaḃas do ċloċa ionnta sin a ċuirtear ċugat, cad é a ṁiniciġe a ba ṁian liom do ċlann a ċruinniuġaḋ, mar ċruinniġeas an t-éan a h-éilín faoi n-a cuid eiteog, agus ḋiúltuiġ tú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 A Iarúsalem, a Iarúsalem, ṁarḃas na fáiḋe, agus ġaḃas de ċloċaiḃ orṫa‐san a curtar ċugat! cad é a ṁiniciġe dob’ áil liom do ċlann do ċruinniú le ċéile, mar ċruinnuiġeas cearc a h‐ál féin fá n‐a sciaṫánaiḃ, agus níorḃ áil leat é!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 O a Ierusalém, á Ierusalém, noċ ṁarḃas na fáiġe, agus ġaḃas do ċloċaiḃ ar na dáoiniḃ ċurṫar ċugad; gá ṁioncaċd bá mían leam do ċlann do ċruinniuġaḋ, mar ċruinniġeas an ċearc a gearrcuiġ fá na sgioṫánuiḃ, agus níor ḃáill liḃ!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 13:34
46 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ċuir sé a ṡeirḃísiġ ag glaoḋaċ ar na daoine a fuair cuireaḋ ċun na bainise; agus níor ḃ’áil leó teaċt.


Agus do rug an ċuid eile acu ar a ṡeirḃísiġ, agus ṫugadar tarcuisne ḋóiḃ, agus ṁarḃuiġeadar iad.


Agus ṫáinig fearg air, agus ní raġaḋ sé isteaċ. Ansan ṫáinig an t-aṫair amaċ agus ċrom sé ar ṫaṫant air.


Agus déanfaid siad ṫu ṫreasgairt ar an dtalaṁ, tu féin agus do ċlann atá ionat, agus ní ḟágfaid siad cloċ ar muin cloiċe ionat, toisg nár aiṫniġis an t-am ’n-a dtáinig Dia ċúġat.


Agus d’iompuiġ Íosa orṫa agus duḃairt sé leó: A ṁná Ierúsaleim, ná ḃíḋiḋ ag gol mar ġeall orm-sa, aċ ḃíḋiḋ ag gol ar ḃúr son féin agus as son ḃúr gclainne.


Cia’cu de sna fáiḋiḃ nár ḋein ḃúr n-aiṫreaċa géarleanṁaint air? Agus ċuireadar ċun báis na daoine a ṫargair dóiḃ teaċt an Ḟíon-Aoin seo a ḋeineaḃair-se féin anois do ḃraṫ agus do ċur ċun báis.


Ansan do leig sé é féin ar a ġlúiniḃ agus duḃairt sé, do ġuṫ árd: A Ṫiġearna ná cuir an peaca so i leiṫ na ndaoine seo! Agus nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aige do ṫuit a ċodla air sa Tiġearna. Agus ḃí Saul toilteanaċ ċun a ḃáis.


Ansan do deinead, ins na laeṫiḃ sin íde ana-ḋian ar an eaglais a ḃí i nIerúsalem agus do sgaipeaḋ na daoine go léir tré ċríoċaiḃ Iúdaéa agus Ṡamaría, aċ aṁáin na h-Aspoil.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ