Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 13:16 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Aċ an inġean so Ábrahaim á ḃí fé ċeangal ag Sátan ar feaḋ oċt mblian ndéag, níor ċeart í ḟuasgailt ó’n gceangal, san lá na sabbóide?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Agus inġean Abrahaim seo, a ḃí faoi ċeangal ag Satan, féaċ, le h-oċt mbliaḋna déag, nár ċóir í scaoileaḋ ó’n ċeangal sin ar lá na sabóide?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus an ḃean so, inġean Abraċaim, do ḃí fá ċeangal ag Sátan le h‐oċt mbliaḋna déag anuas, nár ċeart í do scaoileaḋ ó’n gceangal sin, lá na sabóide?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus an ḃeansa, atá na hinġin ag Abraham, noċ do ċuiḃriġ Sátan, a nois le hóċd mbliaḋna dég, a né nar ċoír a sgáoileaḋ ón ċuiḃreaċsa a lá na sábbóide?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 13:16
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan duḃairt Íosa leis: Imṫiġ, a Ṡátain; Óir tá sgríoḃṫa: Aḋarfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia, agus beiḋ tú uṁal dó san aṁáin.


Agus duḃairt sé leó: Níor deineaḋ an duine ar son na sabbóide, aċ do ceapaḋ an tsabbóid ar son an duine.


Agus do liúiġ sé amaċ agus duḃairt sé: A aṫair Ábrahaim, glac truaġ ḋom agus cuir ċúġam Lasarus go gcuiriḋ sé bara a ṁéire i n-uisge agus go ḃfuaraiḋ sé mo ṫeanga, óir táim a’m losgaḋ sa lasair seo.


Agus duḃairt Íosa leis: Tá slánú fáġalta indiu ag an dtiġ seo de ḃríġ gur de ċlainn Ábrahaim é, leis.


Tugaiḋ uaiḃ, d’á ḃríġ sin, toraḋ a ḃeiḋ ċóṁ maiṫ leis an aiṫriġe, agus ná cromaiḋ ar a ráḋ: Tá Ábraham i n’aṫair againn. Deirim liḃ go ḃféadfaḋ Dia slioċt do ṫógaint ċun Ábrahaim ó-s na cloċaiḃ sin.


Is ó’n ndiaḃal, ḃúr n-aṫair, siḃ-se, agus isiad na neiṫe a ṫaiṫneann le nḃúr n-aṫair a ḋeineann siḃ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ é sin ó ṫusaċ, agus níor ṡeasaiṁ sé sa ḃfirinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a laḃrann sé an t-éiṫeaċ laḃrann sé an níḋ is leis féin, óir tugann sé an t-éiṫeaċ agus isé aṫair an éiṫiġ é.


A ḟeara, a ḃráiṫre, a ṡlioċt sleaċta Ábrahaim, agus an méid agaiḃ ar a ḃfuil eagla Dé, is ag triall oraiḃse do cuireaḋ briaṫar an tslánuiġṫe seo!


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ