Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 13:15 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus d’ḟreagair an Tiġearna é agus duḃairt sé: A ċealgairí, ná sgaoileann gaċ aoinne agaiḃ-se a ḃó nó a asal ó’n mainséar, agus ná beireann sé ċun uisge iad, lá na sabbóide?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus d’ḟreagair an Tiġearna é, agus duḃairt: A ḃréag-ċráiḃṫeaċa, naċ scaoileann gaċ aoinneaċ agaiḃ a ḋaṁ nó a asal ó’n ṁainséar, agus naċ dtreoruiġeann sé amaċ é le deoċ uisce d’ól, ar an tsabóid?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Aċt d’ḟreagair an Tiġearna é, agus aduḃairt, A ḃréigḟíréana, naċ scaoileann gaċ duine agaiḃ a ḋaṁ nó a asal ó’n mainnséar, lá na sabóide, agus naċ gcinnireann sé ċum uisce é?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Uime sin do ḟreagair an Tiġearna ḋó, agus a duḃairt sé, A ḟir an ḟúarċráḃuiḋ, a né naċ sgáoileann gaċ áon nduine agaiḃ féin a ḋaṁ nó a asal ón ṁainnsér lá na saḃóide, agus naċ beireann sé ċum uisge é?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 13:15
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Sgaoiliḋ leó san; giollaí dalla ag dallaiḃ iseaḋ iad; agus má ḋeineann dall giollaċt ar ḋall, tuitfid siad araon sa díg.


A ċluanaiḋṫe, is maiṫ a ṫargair Isáias i nḃúr dtaoḃ nuair aduḃairt sé:


Aċ is mairg daoiḃ-se, a Sgríḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir do ḋúnaḃair ríġeaċt na ḃflaṫas i n-aġaiḋ na ndaoine; mar, ní ṫéiġeann siḃ isteaċ, ná ní leigeann siḃ isteaċ na daoine atá ag dul isteaċ.


Ar an gcuma gcéadna féaċann siḃ-se fíoraonta ar an dtaoḃ amuiġ, fé ṡúiliḃ daoine; aċ laistiġ táṫaoí lán de’n ḟeall agus de’n ṁalluiġṫeaċt.


A ċluanaire, bain an tsail as do ṡúil féin ar dtúis, agus ansan ċífir conus an dúradán a ḃaint a’ súil do ḃráṫar.


Agus nuair a ḃí sluaiġte móra ’n-a ṫímpal, i dtreó go raḃadar ag satailt ar a ċéile, do ṫusnuiġ sé ar a ráḋ le n-a ḋeisgiobuil; Seaċnaiḋ siḃ féin ar ġiost na ḃFairisíneaċ, an níḋ is cealgaireaċt.


Agus duḃairt sé ’ġá ḃfreagairt sin: Cé’cu agaiḃ-se, n-a dtuitfeaḋ asal leis nó bó leis i bpoll, ná taraiceóċaḋ amaċ é lá na sabbóide?


Nó conus is féidir duit a ráḋ le t’ḃráṫair: A ḃráṫair, leig dom an dúradán a ḃaint as do súil, agus ná feiceann tú an tsail ad’ ṡúil féin? A ċluanaiḋe, bain an tsail ar dtúis as do ṡúil féin, agus ansan ċífir conus an dúradán a ḃaint a’ súil do ḃráṫar.


Agus nuair a ċonaic an Tiġearna í ṫáinig truaġ aige ḋi agus duḃairt sé léi: Ná ḃí ag gol.


Agus do ġlaoiḋ Eóin ċuige beirt d’á ḋeisgiobulaiḃ, agus ċuir sé ċun Íosa iad ’ġá ráḋ: An tusa an t-é a ḃí le teaċt nó a’ ḃfuil orainn feiṫeaṁ le duine eile?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ