Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 12:48 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

48 Aċ an t-é ná raiḃ ḟios aige, agus do ḋein neiṫe a ṫuill bualaḋ, geoḃfar air beagán. Óir an t-é gur tugaḋ mórán dó, éileófar mórán air; agus an t-é gur ṫugadar cuid ṁór dó le coimeád iarrfaid siad breis air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

48 Aċt an té naċ raiḃ a ḟios aige, agus a rinne neiṫe a ṫuill buillí, buailfear beagán air. Agus gaċ aoinneaċ, dár tugaḋ mórán, éileoċar mórán air, agus an té dá dtug siad mórán i dtaisciḋ, iarrfaiḋ siad níos mó air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

48 aċt an té úd naċ raiḃ a ḟios aige, agus do‐rinne neiṫe do ṫuill bualaḋ, geoḃfar air‐sean go h‐éadtrom. Agus an té d’á dtugaḋ mórán, éileoċar mórán air: agus an té gur fágaḋ mórán ar a ċúram aige, iarrfar breis air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

48 Aċd an tí úd ag naċ raiḃ a ḟios, agus fós do rinne na neiṫe do ṫuill builliḋe, buáilfaḃear beagán air. Oír giḋ bé dár tugaḋ morán, iárrfuiḋṫear morán a dtaisge, iarrfuiḋṫear ni sa ṁó air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 12:48
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir an t-é go ḃfuil aige taḃarfar dó, agus beiḋ flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige tógfar uaiḋ a ḃfuil aige.


Is mairg daoiḃ a Sgríḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir iṫeann siḃ tiġṫe na mbaintreaċ, ag déanaṁ úrnuiġṫe fada; mar ġeall air sin is truime-de an ḃreiṫ a taḃarfar oraiḃ.


Agus duḃairt Peadar leis: A Ṫiġearna, an linne atá an ċaint sin agat ’á ráḋ, nó leis na daoine go léir?


Ċun teine ċur ar an dtalaṁ so iseaḋ ṫánag, agus cad ’tá uaim aċ go lasfaḋ sí?


Agus do ġlaoiḋ sé ċuige é, agus duḃairt sé leis, Cad é seo a ċloisim ad’ ṫaoḃ-sa? Taḃair cúntas ad’ stíḃardaiḋeaċt, mar ní ḟéadfair ḃeiṫ ad’ stíḃard feasda.


Dá mba ná tiocfainn agus laḃairt leó, ní ḃeaḋ an peaca orṫa; aċ anois ní’l aon leaṫsgéal acu i dtaoḃ a bpeaca.


Agus anois tá Dia ag leogaint aimsire an ainḃfiosa san ṫairis agus ’ġá ḟógairṫ do sna daoine, go ndéanfaidís go léir aiṫriġe ins gaċ aon ḃall,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ