Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 12:47 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Agus an seirḃíseaċ san go raiḃ fios toile a Ṫiġearna aige, agus nár ḋein ollaṁú, ná beart do réir a ṫoile, geoḃfar air go mór.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

47 Agus an seirḃíseaċ sin, a raiḃ a ḟios aige toil a ṫiġearna, agus nár ullṁuiġ é féin, agus naċ ndearna do réir a ṫola, ġeoḃaiḋ sé mórán buillí;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 Agus an seirḃíseaċ úd ag a raiḃ fios tola a ṫiġearna, agus naċ ndearna aon ullṁú, agus naċ ndearna de réir a ṫola, geoḃfar go trom air;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

47 Aċd an searḃḟoġantniḋe úd, agá raiḃ fios tola a ṫiġearna féin, agus nar ullṁuiḋ é féin, agus naċ dearna do réir a ṫola, géuḃṫar mórán air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 12:47
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt Peadar leis: A Ṫiġearna, an linne atá an ċaint sin agat ’á ráḋ, nó leis na daoine go léir?


Tiocfaiḋ Tiġearna an tseirḃísiġ sin an lá ná beiḋ coinne aige leis, agus an uair náċ eól dó, agus deiġilfiḋ sé é agus ceapfaiḋ sé a ċuid dó ameasg luċt díṫċreidiṁ.


An t-é ná tugann toraḋ orm-sa agus ná glacann mo ḃréiṫre, tá aige an t-é a ṫugann breiṫ air; an briaṫar atá ráiḋte agam-sa, taḃarfaiḋ an briaṫar san breiṫ air an lá déanaċ.


D’ḟreagair Íosa: Ní ḃeaḋ aon níḋ ar do ċumas am’ aġaiḋ mura mbeaḋ gur tugaḋ duit é ó’n áit ṫuas. Uime sin an t-é a ṫug suas duit mé, is mó an peaca atá air.


Duḃairt Íosa leó: Dá mbeaḋ siḃ dall ní ḃeaḋ peaca oraiḃ. Aċ anois abrann siḃ, Tá raḋarc againn: Leanann ḃúr bpeaca oraiḃ.


Agus anois tá Dia ag leogaint aimsire an ainḃfiosa san ṫairis agus ’ġá ḟógairṫ do sna daoine, go ndéanfaidís go léir aiṫriġe ins gaċ aon ḃall,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ