Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 12:28 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus má éidiġeann Dia ar an gcuma san an féar atá indiu ar an mbán agus a caiṫfar sa teine amáireaċ, náċ mó ’ná san [éideóċaiḋ sé] siḃ-se, a luċt an ċreidiṁ ṡuaraiġ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

28 Agus má ċóiriġeann Dia mar seo an féar atá indiu san ġort, agus a ċaiṫtear isteaċ san oiġean i mbáraċ: naċ mó ná sin a ḋéanfas sé díḃ-se, a luċt an ċreidiṁ ḃig?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Aċt má’s mar sin éidiġeas Dia féar an ṁaċaire, atá ann indiu, agus caiṫtear san oiġeann amáraċ; naċ mó go mór éideoċas sé siḃ‐se, a luċt an ċreidiṁ ḃig?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Agus má éaduiġeann Diá már sin an fér, atá a niu ar an maċaire, agus ċuiṫear a máraċ ann sa núaṁaiḟ; a né naċ mó ná sin do ḋéana sé ḋiḃse, a luċd an ċreidiṁ ḃig?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 12:28
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṡín Íosa a láṁ, agus do rug sé láiṫreaċ air, agus duḃairt sé: Ó a ḟir gan puínn creidiṁ, cad ċuige ḋuit mearḃall a ṫeaċt ort?


Agus ḃí a ḟios san ag Íosa, agus duḃairt sé: A ḋaoine gan puínn creidiṁ, cad é an maċtnaṁ so oraiḃ toisg gan arán a ḃeiṫ agaiḃ?


Agus do smaċtuiġ Íosa an deaṁan, agus d’imṫiġ sé as, agus ḃí an mac leiġiste as san amaċ.


Aċ ní curtar amaċ an sórd so aċ le h-úrnuiġṫe agus le trosgaḋ.


Má ċuireann Dia maise de’n tsórd san ar ḟéar an tailiṁ, atá ann indiu, agus a caiṫfar sa teine amáireaċ, náċ mó go mór a ḋéanfaiḋ sé ḋaoiḃ-se, a luċt an ċreidiṁ ṡuaraiġ?


Agus duḃairt Íosa leó: Cad is eagal daoiḃ, a ḋaoine gan puinn creidiṁ? Ansan d’eiriġ sé agus duḃairt sé leis an ngaoiṫ agus leis an ḃfaraige fanṁaint socair, agus ṫáinig ciúnas mór.


Agus duḃairt sé leó-san: Cá ḃfuil ḃúr gcreideaṁ? Mar ḃí eagal orṫa agus iongna, agus iad ’ġá rád le n-a ċéile, Cad é mar ḋuine é seo, go smaċtuiġeann sé gaoṫ agus faraige agus go ndeinid siad rud air?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ