Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 12:24 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Féaċaiḋ na fiaċa duḃa; ní ċuirid siad síol agus ní ḃainid siad fóġṁar; ní bíonn cúil stórais acu ná sgioból; agus coṫuiġeann Dia iad. Naċ mó go mór le ráḋ siḃ-se ’ná iad san?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Dearcaigiḋ ar na préaċáin, óir ní ċuireann siad, ná ní ḃaineann siad, agus ní ḟuil teaċ stóir ná scioból acu, agus beaṫ-uiġeann Dia iad. Naċ mó go mór is fiú siḃ-se ná iad-san?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Breaṫnuiġiḋ na fiaċa duḃa; ní ċuireann siad síol, agus ní ḃaineann siad fóġṁar; agus ní ḟuil taisce ná scioból aca; agus beaṫuiġeann Dia iad: naċ mó go mór is fiú siḃ‐se ’ná na h‐éanlaiṫe!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Taḃraiḋ dá ḃur naire ná preaċaín: oír ní ċuirid siás siól, agus ní ḃéanuid síad; agus ní ḃfuili tiġ sdórúis na sgioból aca; agus beaṫaiġ Diá iád: agus a né naċ fearr siḃsi go mór ná na héanlaiṫ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 12:24
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ná bíoḋ eagla oraiḃ, d’á ḃríġ sin. Is mó le ráḋ siḃ-se ’ná mórán des na gealḃúnaiḃ.


Tá a ġléas cáiṫte i n-a láiṁ aige, agus glanfaiḋ sé a úrlár buailte, agus cruinneóċaiḋ sé a ċuid cruiṫneaċtan isteaċ sa sgioból, agus loisgfiḋ sé an lóċán le teine naċ féidir a ṁúċaḋ.


Féaċaiḋ éanlaiṫe an aeir; ní ċuirid siad síol ná ní ḃainid siad fóġṁar, ná ní ḋeinid siad cnuasaċ i sgioból; Agus deineann ḃúr n-Aṫair neaṁḋa iad do ċoṫú. Náċ mó go mór le ráḋ siḃ-se ’ná iad san?


Agus ṫáinig buairt ar an rí; mar ġeall ar an ndearḃú agus ar na daoine a ḃí láiṫreaċ níor ṁaiṫ leis dólás a ċur uirṫi;


Agus duḃairt sé: Déanfad so; leagfad mo sgiobóil, agus cuirfead suas sgiobóil a ḃeiḋ níos mó ’ná iad, agus cruinneóċad mo ṫorṫaí go léir agus mo ṁaoin ionta;


Is mó le ráḋ an t-anam ’ná an bia, agus is mó le ráḋ an corp ’ná an t-éadaċ.


Ná bíoḋ eagla oraiḃ, d’á ḃriġ sin. Is mó le rád siḃ-se ’ná a lán gealḃún.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ