Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 12:18 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus duḃairt sé: Déanfad so; leagfad mo sgiobóil, agus cuirfead suas sgiobóil a ḃeiḋ níos mó ’ná iad, agus cruinneóċad mo ṫorṫaí go léir agus mo ṁaoin ionta;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Agus duḃairt sé: Seo an rud a ḋéanfas mé: Leagfaiḋ mé mo sciobóil, agus tógfaiḋ mé cinn níos mó, agus cruinneoċaiḋ mé na torṫa uilig a d’ḟás daṁ agus mo ṁaoin isteaċ ionnta,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus aduḃairt sé, Is é rud do‐ġéanad: leagfad mo sciobóil, agus tógfad sciobóil ḃéas níos mó ’ná iad; agus cuirfead mo ċuid arḃair agus mo ṁaoin go léir i dtaisce ionnta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus a duḃairt sé, Do ḋéana mé so: leaġfaiḋ mé mo sgiobóil, agus toigeaḃuiḋ mé sgionóil ḃus mó ná íad; agus cruimnéoċaiḋ mé mo ṫórṫa nile agus mo ṁáoin ionnta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 12:18
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Féaċaiḋ éanlaiṫe an aeir; ní ċuirid siad síol ná ní ḃainid siad fóġṁar, ná ní ḋeinid siad cnuasaċ i sgioból; Agus deineann ḃúr n-Aṫair neaṁḋa iad do ċoṫú. Náċ mó go mór le ráḋ siḃ-se ’ná iad san?


Agus do ṁaċtnaiṁ sé i n’ aigne agus duḃairt sé: Cad a ḋéanfad? óir ní’l áit agam n-a gcruinneóċad mo ċuid torṫaí.


Agus déarfaiḋ mé le m’anam, A anam, tá mórán coda agat i gcóir mórán blian; glac do ṡuaiṁneas; dein iṫe agus ól agus súgaċas.


Sin mar atá ag an t-é a ḋeineann stór dó féin agus ná bíonn saiḋḃir ċun Dé.


Féaċaiḋ na fiaċa duḃa; ní ċuirid siad síol agus ní ḃainid siad fóġṁar; ní bíonn cúil stórais acu ná sgioból; agus coṫuiġeann Dia iad. Naċ mó go mór le ráḋ siḃ-se ’ná iad san?


Agus ní déanfaḋ ar feaḋ aḃfad. Aċ ’n-a ḋiaiḋ san duḃairt sé i n’aigne féin, Bíoḋ ná fuil eagla Dé orm ná beann ar ḋaoine agam,


Agus duḃairt an Tiġearna leó: Cloiseann siḃ cad duḃairt an breiṫeaṁ ainċeart;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ