Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 12:11 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus nuair a ḃéarfaid siad isteaċ siḃ ins na sinagógaiḃ, agus i láṫair giúistísí agus daoine cóṁaċ taċa, ná bíoḋ ceist oraiḃ i dtaoḃ cad a ḟreagróċaiḋ siḃ, ná conus, ná cad déarfaiḋ siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Agus nuair a ḃéarfas siad isteaċ ins na sineagóga siḃ, agus ós cóṁair na n-uaċtarán agus luċt cuṁaċta, ná bíoḋ imniḋe oraiḃ fá’n dóiġ ná fá’n níḋ a ḟreagróċas siḃ, ná cad é a déarfas siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus nuair ḃéarfas siad i láṫair na sionagóg, agus na ngiúistís, agus na n‐uaċtarán siḃ, ná bíoḋ ’n‐a imniḋe oraiḃ cionnas nó cad ḟreagróċas siḃ, nó cad adéarfas siḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus an tan do ḃéaruíd síad siḃ ċum na sinagóig, agus na núaċdarán, agus na ndáoine gcuṁaċdaċ, na bíoḋ ná ro ċúram oraiḃ cionnas no créd ḟreagórṫáoi, nó créd a déarṫáoi:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 12:11
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

D’á ḃríġ sin, féaċ, cuirim-se ċúġaiḃ fáiḋe, agus luċt eagna, agus luċt sgríḃinne; agus marḃóċaiḋ siḃ cuid acu, agus céasfaiḋ siḃ ar ċrosaiḃ cuid acu agus sgiúrsálfaiḋ siḃ cuid acu i nḃúr sinagógaiḃ, agus ruaigfiḋ siḃ iad ó caṫair go caṫair.


D’á ḃríġ sin deirim liḃ, ná bíoḋ buairt oraiḃ i dtaoḃ ḃúr mbeaṫa, féaċaint cad d’íosfaiḋ siḃ; ná i dtaoḃ ḃúr gcuirp, féaċaint cad a ċuirfiḋ siḃ umaiḃ. Náċ mó le ráḋ an t-anam ’ná an biaḋ, agus an corp ’ná an t-éadaċ?


Cé’cu agaib-se, ag maċtnaṁ dó air, d’ḟéadfaḋ aon ḃanláṁa aṁáin do ċur le n-a aoirde?


Agus cad ċuige go mbíonn buaireaṁ i dtaoḃ éadaiġ oraiḃ? Breiṫniġiḋ bláṫana an ḃáin, conus mar ḟásaid siad; ní ḋeinid siad saoṫar ná sníoṁ.


Ná bíḋiḋ ag déanaṁ buarṫa, d’á ḃríġ sin, ’ġá ráḋ, Cad d’íosfaimíd? ná, Cad d’ól-faimíd? ná, Cad a ċlúdóċaiḋ sinn?


Ná bíoḋ buaireaṁ oraiḃ, dá ḃríġ sin, i dtaoḃ an lae amáiriġ; tá a ḃuaireaṁ féin i gcóir an lae amáiriġ. Ní beag do gaċ lá a ċuid uilc féin.


Agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Deirim liḃ, d’á ḃríġ sin, ná bíoḋ ceist oraiḃ i dtaoḃ ḃúr n-anama, cad a ḋ’íosfaiḋ siḃ, ná i dtaoḃ an ċuirp, cad a ċlúdóċaiḋ siḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ