Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 11:39 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus duḃairt an Tiġearna leis: Anois, a Ḟairisíneaċa, glanann síḃ-se an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis; agus bíonn an taoḃ istiġ díḃ féin lán de ġadaiḋeaċt agus de ṁalluiġṫeaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

39 Agus duḃairt an Tiġearna leis: Anois glanann siḃ-se, a Ḟairisíneaċa, an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis; aċt tá bur dtaoḃ istiġ lán de ċreaċadóireaċt agus d’urċóid.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Agus aduḃairt an Tiġearna leis, Naċ breaġ mar ġlanann siḃ‐se, a Ḟairisíneaċa, an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṗláta; aċt bíonn siḃ líonta istiġ de ṡainnt agus de ċuirpṫeaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

39 Agus a duḃairt an Tiġearna rís, Go deiṁin do ní siḃse a ṗairisineaċa an táoḃ amuiġ don ċupan agus don ṁéis glan; aċd atá an táoḃ a sdiġ ḋíḃ lán do ṡracaireaċd agus dolc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 11:39
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir is amaċ as an gcroiḋe a ṫagaid droċ-smuínte, dúnṁarḃaḋ, aḋaltranas, striapaċas, gadaiḋeaċt, leaḃair éiṫiġ, diaṁasla;


Seaċanaiḋ na fáiḋe fallsa, a ṫagann ċúġaiḃ i gclúid na gcaoraċ agus gur faolċoin ċraosaċa laistiġ iad.


Agus duḃairt sé leó: Is siḃ-se a ḋeineann siḃ féin fíoraonta i súiliḃ daoine, aċ is eól do Ḋia ḃúr gcroiḋṫe; agus an rud atá árd i súiliḃ daoine, tá gráin ag Dia air.


Agus nuair a ċonaic an Tiġearna í ṫáinig truaġ aige ḋi agus duḃairt sé léi: Ná ḃí ag gol.


Agus do ġlaoiḋ Eóin ċuige beirt d’á ḋeisgiobulaiḃ, agus ċuir sé ċun Íosa iad ’ġá ráḋ: An tusa an t-é a ḃí le teaċt nó a’ ḃfuil orainn feiṫeaṁ le duine eile?


Ní tré aon speóis a ḃeiṫ aige ins na boċtaiḃ aduḃairt sé an méid sin, áṁṫaċ, aċ é ḃeiṫ ’n-a ḃiṫeaṁnaċ, agus is aige a ḃíoḋ an sparán, agus isé a ḋ’iomparaḋ an méid a curtí ann.


Agus nuair a ḃí an suipéar críoċnuiġṫe, agus an diaḃal tar éis a ċur i gcroiḋe Iúdáis Iscariót, ṁic Ṡímóin go ndéanfaḋ sé é ḋíol,


Duḃairt Peadar, áṁṫaċ: A Ananíais, cad uime gur sprioc Sátan do ċroiḋe ċun bréige a ḋ’innsint do’n Spioraid Naoṁ agus cuid d’fiaċaiḃ an tailiṁ a ċeilt?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ