Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 11:1 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus do ṫarla, agus é i n-áit áiriṫe ag déanaṁ úrnuiġṫe, go nduḃairt duine ḋ’á ḋeisgiobuil leis nuair a stad sé: A Ṫiġearna, teagaisg dúinn conus úrnuiġṫe déanaṁ fé mar a ṫeagaisg Eóin d’á ḋeisgiobuil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus ṫárla, ag déanaṁ urnaiġe i n-áit áiriṫe dó, nuair a stad sé, duḃairt duine dá ḋeisciobail leis: A Ṫiġearna, múin dúinne urnaiġe a ḋéanaṁ, aṁail mar ṁúin Eoin fosta dá ḋeisciobail féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ṫarla, agus é ag déanaṁ urnaiġe i n‐áit áiriṫe, go nduḃairt duine d’á ḋeisceablaiḃ leis, nuair do stad sé, A Ṫiġearna, múin dúinne urnaiġe do ḋéanaṁ, fá mar ṁúin Eoin d’á ḋeisceablaiḃ féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus tárla, an tan do ḃí sé ag déanaṁ urnuiġe a náit áiriġe, mar do sguir sé, go nduḃairt fear áiriġe dá ḋeisciobluiḃ ris, A Ṫiġearna múin dúinne urnuiġe do ḋéanaṁ, aṁail agus mar do ṁúin Eóin dá ḋeisciobluiḃ féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 11:1
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus gan aċ aon níḋ aṁáin ríaċtanaċ. Do ṫoġ Máire an níḋ is fearr, agus ní tógfar uaiṫi é.


Agus duḃairt sé: Nuair a ḃeiḋ siḃ ċun úrnuiġṫe déanaṁ abraiḋ: Ár n-Aṫair atá ar neaṁ, go naoṁṫar t’ainim, go dtagaiḋ do ríġeaċt, go ndeintear do ṫoil ar an dtalaṁ mar a deintear ar neaṁ.


Agus do ṫárla ins na laeṫanta san go ndeaġaiḋ sé amaċ ar an gcnoc ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ, agus go dtug sé an oiḋċe ag guiḋe ċun Dé.


Agus nuair a ċonaic an Tiġearna í ṫáinig truaġ aige ḋi agus duḃairt sé léi: Ná ḃí ag gol.


Agus do ġlaoiḋ Eóin ċuige beirt d’á ḋeisgiobulaiḃ, agus ċuir sé ċun Íosa iad ’ġá ráḋ: An tusa an t-é a ḃí le teaċt nó a’ ḃfuil orainn feiṫeaṁ le duine eile?


Agus do ṫarla, nuair a ḃí sé i n’aonar ag guiḋe, go raiḃ a ḋeisgiobuil i n’ḟoċair, agus ċeistiġ sé iad agus duḃairt sé: Cé adeir na daoine is mise?


Agus do ṫárla, tímpal oċt lá tar éis na cainte sin, gur ṫóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus go ndeaġaiḋ sé suas ar an gcnoc ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ