Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 10:22 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Do ṫug m’Aṫair dóṁ-sa gaċ uile níḋ, agus ní h-eól d’aoinne cé h-é an Mac aċ do’n Aṫair, ná cé h-é an t-Aṫair aċ do’n Mac agus do’n t-é d’ár toil leis an Mac é ḋ’ḟoillsiú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Tá na h-uile neiṫe tugṫa daṁ-sa ag m’Aṫair, agus ní fuil a ḟios ag aoinneaċ cé h-é an Mac, aċt an t-Aṫair, ná cé h-é an t-Aṫair, aċt an Mac agus an té ar ṫoil leis an Ṁac a noċtaḋ dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ag m’Aṫair daṁ‐sa; agus ní ḟuil a ḟios ag aoinneaċ, aċt ag an Aṫair aṁáin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Aṫair, aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a noċtaḋ ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Atáid na huile neiṫe ar na dtaḃairt ḋanhsa óm Aṫair: agus ní ḃfuil a ḟios ag éinneaċ ciá hé an Mac, aċd ag a Naṫair; agus ciá hé an Taṫair, aċd ag an Mac, agus an té dá dtiúḃraḋ an Mac a noċduġaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 10:22
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Sa n-am san d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Adṁuiġim ad’ láṫair-se, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, mar gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuisgiona, agus gur noċtais iad do naoiḋeanaiḃ.


Tá gaċ uile níḋ taḃarṫa dóṁ-sa ag m’Aṫair. Agus ní’l aiṫne ag aoinne ar an Mac aċ ag an Aṫair; ná ar an Aṫair aċ ag an Mac, agus ag an t-é gur toil leis an Mac a ḋ’ḟoillsiú ḋó.


Agus ṫáinig Íosa agus do laḃair sé leó, agus duḃairt: Do tugaḋ dóṁ-sa gaċ cóṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ.


Ní ḟeacaiḋ aoinne riaṁ Dia; an t-Aon Ṁac atá i n-uċt an Aṫar isé ḋ’aiṫris.


Fé mar a ḋ’aiṫniġeann an t-Aṫair mise is eaḋ ḋ’ aiṫniġim-se an t-Aṫair leis; agus tá m’anam agam ’á ṫaḃairt ar son mo ċaoraċ.


Ó ḃí ḟios ag Íosa gaċ uile níḋ a ḃeiṫ taḃarṫa isteaċ ’n-a láiṁ dó ag an Aṫair, agus gur ó Ḋia a ṫáinig sé agus go raiḃ sé ag dul ag triall as Ḋia,


Agus is liom-sa gaċ níḋ is leat-sa, agus is leat-sa gaċ níḋ is liom-sa; agus táim soillsiġṫe ionta.


Fé mar a ṫugais dó cóṁaċt os cionn gaċ feóla, ionus, gaċ ar ṫugais dó, go dtaḃarfaḋ sé ḋóiḃ beaṫa ṡíoruiḋe.


Agus do ṫugas-sa ḋóiḃ, agus taḃarfad, eólus ar t’ainim; ionus, an gráḋ a ṫugais-se ḋóṁ-sa, go mbeaḋ sé ionta so, agus mise ionta.


Agus soillsiġ-se mise anois, a Aṫair, ad’ ḟoċair féin, leis an soillseaċt a ḃí agam ad’ ḟoċair sar a raiḃ an doṁan ar biṫ.


Tá gráḋ ag an Aṫair do’n Ṁac agus tá gaċ níḋ taḃarṫa ’n-a láiṁ dó aige.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ