Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 10:16 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 An t-é a ḋ’éisteann liḃ-se, is liom-sa a ḋ’éisteann sé; agus an t-é a ṫugann tarcuisne ḋaoiḃ-se, is dóṁ-sa a ṫugann sé tarcuisne; agus an t-é a ṫugann tarcuisne ḋóṁ-sa is do’n t-é a ċuir uaiḋ mé a ṫugann sé tarcuisne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 An té a éisteas liḃ-se, is liom-sa a éisteas sé, agus an té a ḃeir tarcuisne díḃ-se, ḃeir sé tarcuisne daṁ-sa. Agus an té a ḃeir tarcuisne daṁ-sa, beir sé tarcuisne do’n té a ċuir uaiḋ mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 An té éisteas liḃse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daoiḃ, is daṁ‐sa ḋiúltuiġeas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daṁ‐sa, diúltuiġeann sé do’n té do ċuir uaiḋ mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Giḃ bé éisdeas riḃsi is riomso éisdeas sé; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oruiḃsi, is oramsa do ḃeir sé neiṁċion; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oramsa is ar an té do ċuir úaḋ mé do ḃeir sé neiṁċion.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 10:16
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An t-é a ġlacann siḃ-se, glacann sé mise; agus an t-é a ġlacann mise, glacann sé an t-é a ċuir uaiḋ me.


Agus an t-é a ġlacann aon leanḃ beag aṁáin de’n tsórd san am’ ainim-se, glacann sé mise.


Agus d’ḟreagair Eóin é, agus duḃairt: A Ṁáiġistir, ċonacamair duine ag cur deaṁan amaċ ad’ ainim-se, aċ ní ġaḃann an duine sin linne, agus do ċoisgeamair é.


Agus duḃairt sé leó-san: An t-é a ġlacfaiḋ an leanḃ san am’ ainim-se glacann sé mise; agus an t-é a ġlacfaiḋ mise glacann sé an t-é do ċuir uaiḋ mé; óir an t-é is lúġa agaiḃ go léir isé is mó.


Ansan do laḃair Íosa do ġuṫ árd, agus duḃairt sé: An t-é a ċreideann ionam-sa, ní h-ionam-sa a ċreideann sé aċ san t-é a ċuir uaiḋ mé.


An t-é ná tugann toraḋ orm-sa agus ná glacann mo ḃréiṫre, tá aige an t-é a ṫugann breiṫ air; an briaṫar atá ráiḋte agam-sa, taḃarfaiḋ an briaṫar san breiṫ air an lá déanaċ.


Go deiṁin, deiṁin, adeirim liḃ: An t-é a ġlacann aoinne a ċuirfead uaim, glacann sé mise; agus an t-é a ġlacann mise, glacann sé an t-é a ċuir uaiḋ mé.


Nár leat féin é an ḟaid a ḃí sé agat? agus nuair a ḋíolais é ná raiḃ sé ar do ċumas féin? Cad ċuige ḋuit an níḋ seo do ċeapaḋ ad ċroiḋe? Ní do ḋaoiniḃ atá bréag innste agat aċ do Ḋia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ