Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:77 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

77 Ag taḃairt eóluis slánuiġṫe d’á ṗobul, ionus go maiṫfí a bpeacaí ḋóiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

77 Le h-eolas slánuiġṫe a ṫaḃairt dá ṗobal ċun maiṫeaṁnas a bpeacaiḋe,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

77 Ċum eolas ar ṡlánú do ṫaḃairt d’á ṁuinntir Tré ṁaiṫeaṁnas a bpeacaḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

77 Do ṫaḃairt éolus na sláinte dá ṗobal tré ṁaiṫeaṁnus na bpeacaḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:77
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinig sé ar fuid na gcríoċ go léir ar bruaċ Iórdain ag fógairt baiste ċun aiṫriġe agus ċun maiṫeaṁnaċais peacaí,


Agus ċífiḋ gaċ feóil an slánú a ḋéanfaiḋ Dia.


An lá ’n-a ḋiaiḋ san do ċonaic Eóin Íosa ar teaċt fá n-a ḋéin, agus duḃairt sé: Féaċ Uan Dé, féaċ an t-é a ṫógann peacaḋ an doṁain.


Agus do ċonac; agus ṫugas fiaḋnaise gur b’é Mac Dé é seo.


Is air seo a ḋeinid na fáiḋe go léir fiaḋnaise, gur i n’ainimsean atá maiṫeaṁnaċus peacaí le fáġail ag gaċ aoinne a ċreideann ann.


Agus duḃairt Pól: Do ḃaist Eóin na daoine le baiste aiṫriġe agus duḃairt sé leó nár ḃ’foláir dóiḃ creideaṁaint sa’ t-é a ḃí le teaċt ’n-a ḋiaiḋ féin, ’sé sin i n-Íosa.


Agus duḃairt Peadar leó: Déiniḋ, ar seisean, aiṫríġe, agus glacaḋ gaċ duine agaiḃ baiste i n-ainim Íosa Críost, ionus go maiṫfí ḃúr bpeacaí ḋaoiḃ, agus ansan glacfaiḋ siḃ taḃarṫas an Spioraid Naoiṁ.


Déiniḋ aiṫríġe dá ḃríġ sin, agus iompuiġiḋ, ionus go mbuailfí amaċ ḃúr bpeacaí,


Do ṫóg Dia suas le n-a laiṁ ḋeis é ’n-a Ṗriúnsa agus ’n-a Ṡlánuiġṫeoir ċun go dtaḃarfaḋ sé aiṫríġe agus maiṫeaṁnaċas peacaí d’Israél.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ