Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:76 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

76 Agus tusa, a leinḃ, taḃarfar ort fáiḋ an Árd-Ḋia, óir gluaiseóċair roimis an dTiġearna amaċ ag ollaṁú na sliġe ḋó,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

76 Agus tusa, a leinḃ, goirfear fáiḋ an té is áirde díot; óir raċaiḋ tú roiṁ aġaiḋ an Tiġearna le n-a ṡliġṫe d’ullṁuġaḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

76 Agus tusa, a leinḃ, glaoḋfar ort fáiḋ an Té is Aoirde; Óir raċair roiṁ an Tiġearna ag réiḋteaċ na sliġe ḋó:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

76 Agus tusa, a leiniḃ, goirfiṫear diot faíḋ an té as Airde: óir raċuiḋ tú roiṁ aġaiḋ an Ṫiġearna dullṁuġaḋ a ṡliġeaḋ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:76
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ba ṁian leis é ċur ċun báis, aċ ḃí eagla na ndaoine air, óir do ṫuigeadar gur ḃ’ḟáiḋ Eóin Baiste.


Má abraimíd gur ó neaṁ é, déarfaiḋ sé, Má ’seaḋ, cad ’n-a ṫaoḃ nár ċreideaḃair é? Aċ má abraimíd gur ó ḋaoiniḃ, is baoġal dúinn na daoine; mar fáiḋ ab eaḋ Eóin acu.


Táim-se ag ḃúr mbaiste le h-uisge ċun aiṫriġe, aċ an t-é atá ag teaċt am’ ḋiaiḋ is cóṁaċtaíġe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a ḃróga d’iompar; baistfiḋ sé sin siḃ leis an Spioraid Naoṁ agus le teine.


Óir sin é an t-é ar ar laḃair Isáias Fáiḋ nuair aduḃairt sé: Guṫ duine ag glaoḋaċ sa ḃfásaċ, Ollaṁuiġiḋ an tslíġ do’n Tiġearna; deiniḋ a ḃóiṫre do ḋíriú ḋó.


Agus má deirimíd gur ḃ’ ó ḋaoine é, is baoġal dúinn an pobul; óir, dar leis na daoine, fáiḋ dáiríriḃ ab eaḋ Eóin.


Beiḋ an mac san mór, agus taḃarfar Mac Dé Aoird air, agus taḃarfaiḋ an Tiġearna Dia ḋó an ċaṫaoir rí a ḃí agá aṫair, ag Dáiḃid; agus beiḋ sé ’n-a rí i dteaġlaċ Iácóib go deó.


Agus d’ḟreagair an t-aingeal agus duḃairt sé léi; Túirliceóċaiḋ an Spioraid Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cóṁaċt Dé Aoird ṫú, agus d’á ḃríġ sin taḃarfar ar an ngein naoṁṫa a ṫiocfaiḋ uait Mac Dé.


Aċ deiniḋ-se gráḋ ṫaḃairt d’ḃúr naṁaid; deiniḋ maiṫ, agus tugaiḋ iasaċt uaiḃ, gan súil le níḋ ḋ’á ḃárr, agus beiḋ ḃúr luaċt saoṫair líonṁar, agus beiḋ siḃ i nḃúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maiṫ do ḋaoine ná gaḃann a ḃuiḋeaċas leis, agus do ḋroċ-ḋaoine.


Cad deirir ad’ ṫaoḃ féin? Duḃairt sé: Guṫ duine iseaḋ mé ag glaoḋaċ sa ḃfásaċ, Deiniḋ slíġ an Tiġearna do ḋíriú; mar aduḃairt Isáias fáiḋ.


Siné an t-é atá ag teaċt am’ ḋiaiḋ-se agus go ḃfuil tusaċ aige orm, agus náċ fiú mise go ndéanfainn iall a ḃróige do sgaoileaḋ.


Is fínniṫe ḋóm-sa siḃ-se féin go nduḃart: Ní mise an Críost, aċ is aṁlaiḋ a cuireaḋ roimis amaċ mé.


Agus do lean sí Pól agus sinne, agus í ag liúiriġ agus deireaḋ sí: Seirḃísiġ do’n árd-Ḋia iseaḋ na fir sin, agus táid siad ag innsint sliġe ḃúr slánuiġṫe ḋaoiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ