Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:65 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

65 Agus ṫáinig eagla air na cóṁarsain go léir, agus do h-innseaḋ na neiṫe sin uile ar fuid sléiḃte Iúdaéa ar fad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

65 Agus ṫáinic eagla ar a gcóṁarsain go h-uile, agus h-innseaḋ na neiṫe seo uilig ar fud sléiḃte Iudaia ar fad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

65 Agus do ġaḃ eagla iad‐san do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe ’n‐a dtimċeall: agus do leaṫ tuairisc na neiṫe sin go léir ar fud na sléiḃte i nIúdaea ar fad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

65 Agus do ġaḃ eagla a gcoṁarsuin uile: agus do haiṫriseaḋ na neiṫe so uile ċois tsléiḃe ṫíre Iúdaiġe uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:65
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan, nuair a rugaḋ Íosa i mBetlehem Iúda, i laeṫiḃ an rí Héróid, ṫáinig draoiṫe ó’n ndoṁan toir go Ierúsalam, agus duḃradar:


Agus d’eiriġ Muire ins na laeṫiḃ sin, agus d’imṫiġ gan ríġneas fé ḋéin na gcnoc, go caṫair Iúdaċ.


Agus gaċ ar airiġ iad, ḋeineadar iongna de sna neiṫe a ḋ’innis na h-aoḋairí ḋóiḃ.


Agus ṫáinig uaṫḃás ar na daoine go léir, agus ḃíodar ag taḃairt glóire do Ḋia; agus ḃíodar lán d’eagla agus deiridís: Ċonacamair neiṫe iongantaċa indiu.


Agus ṫáinig eagal ar na daoine go léir, agus ṫugadar glóire do Ḋia, agus duḃradar: Tá fáiḋ mór eiriġṫe ’n-ár measg, agus ṫáinig Dia ag féaċaint a ḋaoine.


Do h-innseaḋ an méid sin d’a raiḃ d’Iúdaċaiḃ agus de Ġeintiḃ i n-Eṗesus agus ṫáinig sgannra orṫa go léir, agus do móraḋ ainim an Tiġearna Íosa.


Agus do cuireaḋ eagla ar an uile ḋuine; agus do deinead mórán eile mírḃúiltí agus soluídí tré sna h-Aspoil i n-Ierúsalem, agus ḃí eagla mór ar na daoine go léir.


Agus ṫáinig eagla mór ar an eaglais go léir agus an gaċ aoinne a ḋ’airiġ na neiṫe sin.


Nuair airiġ Ananías na focail sin do ṫuit sé agus fuair sé ḃás. Agus ṫáinig eagla mór ar a raiḃ ag éisteaċt leis an níḋ sin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ