Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:6 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus ḃí an ḃeirt fíoraonta i láṫair Dé ag siuḃal i n-aiṫeantaiḃ agus i ndlistineasaiḃ an Tiġearna, go h-iomlán, gan ċáim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Agus ḃí siad araon cóir i láṫair Dé, ag siuḃal gan ċáim do réir aiṫeanta agus deasġnáṫa an Tiġearna go h-iomlán.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus do ḃíodar, beirt, fíréanta i ḃfiaḋnaise Dé, ag siuḃal gan loċt de réir gaċ aiṫne agus reaċta an Tiġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do ḃádar a ráon na ndáoiniḃ fíreanta a ḃfíaḋnuisi Dé, ag sioḃal go neiṁċiontaċ ann uile aiṫeantuiḃ agus órduiġṫiḃ an Tiġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:6
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ní raiḃ clann acu, mar ḃí Elisabet aimrid agus ḃíodar araon ana-aosta.


Agus duḃairt sé leó: Is siḃ-se a ḋeineann siḃ féin fíoraonta i súiliḃ daoine, aċ is eól do Ḋia ḃúr gcroiḋṫe; agus an rud atá árd i súiliḃ daoine, tá gráin ag Dia air.


Agus féaċ, ḃí i n-Ierúsalem duine dár ḃ’ainim Simeón, agus ḃí an duine sin fíoraonta, diaḋa, ag súil le sólás Israéil, agus ḃí an Spioraid Naoṁ ann.


Óir deir Dáiḃid ’n-a ṫaoḃ: “Do ċínn roim sé an Ṫiġearna am ḟiaḋnaise do ġnáṫ, óir tá sé ar mo ḋeis, ionus ná corrófí mé.


D’ḟéaċ Pól ar an gcóṁairle agus duḃairt sé: A ḟeara, a ḃráiṫre, tá mo ġnó déanta agamsa i ngaċ deaġ-ċoínsias, i dtaoḃ Dé, go dtí an lá so indiu againn.


Táim féin ag déanaṁ mo ḋíċill air seo, mo ċoínsias a ċimeád glan i gcóṁnuiġe ċun Dé agus ċun daoine.


Ní’l páirt ná baint agatsa leis an ngnó so, mar ní díreaċ do ċroiḋe i láṫair Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ