Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:41 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus do ṫárla, nuair a d’airiġ Elisabet beannaċaḋ Muire gur léim an leanḃ a ḃí ’n-a broinn. Agus do líonaḋ Elisabet de’n Spioraid Naoṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

41 Agus ṫárla, nuair a ċuala Elisabet beannuġaḋ Ṁuire, gur ḃíoḋg an naoiḋeanán ina broinn, agus líonaḋ Elisabet leis an Spiorad Naoṁ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus ṫarla, nuair do‐ċuala Elisabet beannaċaḋ Ṁuire, gur ḃíoḋg an naoiḋeanán ’n‐a broinn; agus do líonaḋ Elisabet de’n Spiorad Naoṁ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 Agus tarla, mar do ċúalaiḋ Elisabet beannuġaḋ Ṁuire, gur ḃíog an náoiḋeanán ann a broinn; agus do ḃí Elisábet air na líonaḋ don Spiorad Naoṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:41
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir beiḋ sé mór i láṫair Dé, agus ní ólfaiḋ sé fíon ná deoċ ṁeisgeaṁail, agus beiḋ sé lán de’n Spioraid Naoṁ ó ḃroinn a ṁáṫar féin.


Agus ṫáinig sí isteaċ i dtiġ Ṡacariais, agus ḃeannuiġ sí d’Elisabet.


Agus do laḃair sí do ġuṫ árd, agus duḃairt: Is beannuiġṫe ṫu idir ṁnáiḃ, agus is beannuiġṫe toraḋ do ḃroinne.


Mar, féaċ, ċóṁ luaṫ agus ċuaiḋ guṫ do ḃeannaċta am’ ċluasaiḃ do léim an leanḃ le h-áṫas am’ broinn.


Agus do líonaḋ Sacarias, a aṫair, leis an Spioraid Naoṁ, agus do ṫargair sé mar seo:


Agus ḃí Íosa lán de’n Spioraid Naoṁ, agus ṫáinig sé ṫar n-ais ó’n Iórdan, agus do ṡeól an Spioraid isteaċ sa ḃfásaċ é,


agus do líonaḋ iad go léir de’n Spioraid Naoṁ agus ċromadar ar laḃairt i dteangṫaċaiḃ iolarḋa, fé mar a ṫug an Spioraid Naoṁ dóiḃ laḃairt.


Ansan do líonaḋ Peadas leis an Spioraid Naoṁ agus duḃairt sé leo: A uaċtarána an ṗoḃuil agus a ṡeanóirí, éistiḋ liom:


Cuardaiġiḋ d’a ḃriġ sin, a ḃráiṫre, ar ḃúr measg féin, mórṡeisear d’ḟearaiḃ creideaṁnaċa, agus iad lán de’n Spioraid Naoṁ agus d’eagna, go gcuiream i mbun na h-oibre seo iad.


Aċ ḃí sé lán de’n Spioraid Naoṁ agus d’ḟéaċ sé suas ins na flaṫais agus ċonnaic sé glóire Dé agus Íosa ’n-a ṡeasaṁ an ḋeasláiṁ Dé, agus duḃairt sé: Féaċ ċím na flaṫais ar osgailt agus Mac an Duine ’n-a ṡeasaṁ ar deasláiṁ Dé.


Agus d’imṫiġ Ananías agus ċuaiḋ sé isteaċ sa tiġ agus ċuir sé a láṁ air agus duḃairt sé: A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa a ṫaisbeáin é féin duit ar an slíġ agus tu ag teaċt, do ċuir sé mise ċuġat ionus go ḃfeicfá agus go líonfí de’n Spioraid Naoṁ ṫu.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ