Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:35 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus d’ḟreagair an t-aingeal agus duḃairt sé léi; Túirliceóċaiḋ an Spioraid Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cóṁaċt Dé Aoird ṫú, agus d’á ḃríġ sin taḃarfar ar an ngein naoṁṫa a ṫiocfaiḋ uait Mac Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Agus duḃairt an t-aingeal léi, ġá freagairt: Tiocfaiḋ an Spiorad Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cuṁaċt an té is Áirde ṫú. Dá ḃríġ sin fosta, an Neaċ Naoṁṫa a ḃéarfas tú ar an tsaoġal, goirfear Mac Dé de.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus d’ḟreagair an t‐aingeal agus aduḃairt sé léi, Tuirlingeoċaiḋ an Spiorad Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cuṁaċt an Té is Aoirde ṫú: agus, d’á ḃriġ sin, an té béarfar, glaoḋfar naoṁṫa air, Mac Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Agus ar ḃfreagra do naingeal a duḃairt se ría, Tuirléonguiḋ an Spiorad Náoṁ ort, agus foiléoċaiḋ cuṁaċda an té as Airde ṫú: uime sin an ní náoṁṫa ḃéaras tú goirfiġear Mac Dé ḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:35
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus seo mar a ṫárla geineaṁaint Ċríost. Nuair a tugaḋ a ṁáṫair Muire, i gcuing ṗósta, do Ióseṗ, agus roim ṫeaċt d’á ċéile ḋóiḃ, do fuaraḋ go raiḃ gein’n-a broinn aici ó’n Spioraid Naoṁ.


Aċ ag maċtnaṁ dó ar an méid sin, féaċ, do ṫaisbeáin aingeal an Tiġearna é féin dó i n-aisling, agus duḃairt sé leis. A Ióseṗ, a ṁic Ḋáiḃid, ná bíoḋ aon eagla ort do ḃan-ċéile, Muire, do ġlacaḋ ċúġat, mar is ó’n Spioraid Naoṁ an ġein atá ar iompar aici.


Agus ṫáinig na daoine a ḃí ar an luing agus d’aḋradar é, agus duḃradar, Is tú Mac Dé go fíor.


An taoiseaċ céad, áṁṫaċ, agus an ḃuiḋean a ḃí ’n-a ṫeannta ag faire Íosa, nuair a ċonacadar an luasgaḋ talṁan agus na neiṫe do ṫuit amaċ, ṫáinig eagla ana-ṁór, orṫa agus duḃradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.


Agus ṫáinig an t-Áirseóir agus duḃairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduiġ arán a ḋéanaṁ des na cloċaiḃ sin.


Tusaċ Soisgéil Íosa Críost, Ṁic Dé.


Cad í an ḃaint atá agatsa agus againne le n-a ċéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An ċun sinn a ṁilleaḋ a ṫáinís annso? Tá ḟios agam cé h-é ṫu, Aon Naoṁṫa Dé.


ag triall ar ṁaiġdin a ḃí luaiḋte le fear dar ḃ’ainim Ióseṗ, agus Muire ab ainim do’n ṁaiġdin.


Agus duḃairt Muire leis an aingeal: Conus a ḃeiḋ san aṁlaiḋ agus gan aiṫne fir agam-sa?


Agus féaċ, siní Elisabet, do ṡiúr, tá leanḃ mic ar iompar aici agus í aosda, agus sidé an séṁaḋ mí aici sin go dtugtar aimrid uirṫi.


Agus do ċonac; agus ṫugas fiaḋnaise gur b’é Mac Dé é seo.


D’ḟreagair Natanaél agus duḃairt sé: A Ṁáiġistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil.


Aċ do sgríoḃaḋ an méid seo ionus go gcreidfeaḋ siḃ gur ḃ’ é Íosa is Críost Mac Dé ann; agus, ’ġá ċreideaṁaint, go mbeaḋ an ḃeaṫa agaiḃ i n-a ainim.


Agus, ag cur na slíġe ḋíoḃ dóiḃ ṫánadar mar a raiḃ uisge, agus duḃairt an coillteánaċ: Féaċ an t-uisge, cad ’tá am ċosg air go mbaistfí mé?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ