Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:32 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Beiḋ an mac san mór, agus taḃarfar Mac Dé Aoird air, agus taḃarfaiḋ an Tiġearna Dia ḋó an ċaṫaoir rí a ḃí agá aṫair, ag Dáiḃid; agus beiḋ sé ’n-a rí i dteaġlaċ Iácóib go deó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Béiḋ sé sin mór, agus goirfear Mac an té is Áirde de, agus ḃéarfaiḋ an Tiġearna Dia dó caṫaoir Ḋáiḃiḋ, a aṫair, agus béiḋ sé ina ríġ i dteaġlaċ Iacóib a ċoiḋċe,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Béiḋ sé mór, agus goirfear Mac an Té is Aoirde ḋe; agus do‐ḃéarfaiḋ an Tiġearna Dia ḋó rí‐ċaṫaoir Ḋáiḃi, a aṫair:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Bíaiḋ se mór, agus goirfiḋear Mac an té is Airde ḋe: agus do ḃéura an Tiġearna Día caiṫír Ḋáiḃí, aṫar féin ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:32
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Leaḃar geinealaiġ Íosa Críost ṁic Dáiḃid mic Ábrahaim.


Eireóċaiḋ banríġin na tíre ṫeas i mbreiṫeaṁantas i n-aġaiḋ an tsleaċta so, agus daorfaiḋ sí iad; óir do ṫáinig sí ó imeall an tsaoġail ċun éisteaċt le h-eagna Ṡalomóin. Agus féaċ duine is mó ’ná Salomón anso.


Agus ṫáinig Íosa agus do laḃair sé leó, agus duḃairt: Do tugaḋ dóṁ-sa gaċ cóṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ.


Táim-se ag ḃúr mbaiste le h-uisge ċun aiṫriġe, aċ an t-é atá ag teaċt am’ ḋiaiḋ is cóṁaċtaíġe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a ḃróga d’iompar; baistfiḋ sé sin siḃ leis an Spioraid Naoṁ agus le teine.


Aċ níor laḃair seisean agus níor ṫug sé aon ḟreagra. Agus do ċeistiġ an t-árdṡagart é, agus duḃairt sé: An tusa Críost Mac Dé ḃeannuiġṫe?


Agus do liúiġ sé do ġuṫ árd agus duḃairt: Cad é an ċuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Ṁic Dé is aoirde? Iarraim ort i n-ainim Dé gan mé ṗianaḋ.


Óir beiḋ sé mór i láṫair Dé, agus ní ólfaiḋ sé fíon ná deoċ ṁeisgeaṁail, agus beiḋ sé lán de’n Spioraid Naoṁ ó ḃroinn a ṁáṫar féin.


Agus d’ḟreagair an t-aingeal agus duḃairt sé léi; Túirliceóċaiḋ an Spioraid Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cóṁaċt Dé Aoird ṫú, agus d’á ḃríġ sin taḃarfar ar an ngein naoṁṫa a ṫiocfaiḋ uait Mac Dé.


Agus tusa, a leinḃ, taḃarfar ort fáiḋ an Árd-Ḋia, óir gluaiseóċair roimis an dTiġearna amaċ ag ollaṁú na sliġe ḋó,


Agus d’ḟreagair Eóin agus duḃairt leó go léir: Táim-se ag ḃúr mbaisteaḋ le h-uisge; aċ tiocfaiḋ duine is treise ’ná mé, duine náċ fiú mé go ndéanfainn iall a ḃróige do sgaoileaḋ. Baistfiḋ sé sin siḃ leis an Spioraid Naoṁ agus le teine.


Aċ deiniḋ-se gráḋ ṫaḃairt d’ḃúr naṁaid; deiniḋ maiṫ, agus tugaiḋ iasaċt uaiḃ, gan súil le níḋ ḋ’á ḃárr, agus beiḋ ḃúr luaċt saoṫair líonṁar, agus beiḋ siḃ i nḃúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maiṫ do ḋaoine ná gaḃann a ḃuiḋeaċas leis, agus do ḋroċ-ḋaoine.


D’ḟreagair na daoine é: D’airiġeamair-ne as an ndlíġ Críost a ḃeiṫ ann do ṡíor: agus conus a deirir-se naċ foláir Mac an Duine d’árdú? Cé h-é an Mac san an Duine?


Agus d’ḟreagair Símón Peadar é: A Ṫiġearna, cé ċuige go raġaimíd? Is agat-sa atáid bréiṫre na beaṫa síoruiḋe.


Agus do lean sí Pól agus sinne, agus í ag liúiriġ agus deireaḋ sí: Seirḃísiġ do’n árd-Ḋia iseaḋ na fir sin, agus táid siad ag innsint sliġe ḃúr slánuiġṫe ḋaoiḃ.


Fáid ab eaḋ é agus ḃí ’ḟios aige gur ḋearḃuiġ Dia ḋó go suiḋfeaḋ aon de ṡíol a árann ’n-a ċaṫaoir,


Bíoḋ a ḟios dá ḃríġ sin, go dearḃṫa ag gaċ teaġlaċ i n-Israél, Íosa so a ḋeineaḃairse a tárnáil ar ċrois, gur ḋein Dia Tiġearna ḋe agus Críost.


Aċ ní h-i ndéantús láṁ a ċóṁnuiġeann an dúileaṁ, mar adeir an fáiḋ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ