Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:29 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus nuair airiġ sí é do ċuir an ċaint buaireaṁ uirṫi, agus ṁaċtnuiġ sí cad é an saġas an beannú san.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

29 Agus nuair a ċuala sí sin, ċuir a ċainnt trioblóid uirṫí, agus ḃí sí ag meaḃruġaḋ cad é ba ċiall leis an ḃeannuġaḋ siúd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Aċt do ḃí buaiḋreaḋ mór uirṫi de ḃarr na cainnte, agus do ḃí sí ag maċtnaṁ ’n‐a h‐intinn ar cad ba ċiall do’n ḃeannú sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Agus an tan do ċonnairc sí é, do ḃí sí ar na búaiḋreaḋ fá na ḃriaṫraiḃ, agus do ḃí sí ag smúaineaḋ créd an ġné ḃeannuġṫeaso.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:29
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ḋeineadar-san maċtnaṁ ’n-a n-aigne, ’ġá ráḋ, Níor ṫugamar arán linn.


Agus ṫáinig buaireaṁ agus eagla ar Ṡacarias nuair a ċonaic sé é.


Agus ṫáinig an t-aingeal isteaċ ag triall uirṫi, agus duḃairt sé: Go mbeannuiġṫear duit atá lán de ġrástaiḃ; tá an Tiġearna ad’ ḟoċair; is beannuiġṫe ṫu idir ṁnáiḃ.


Agus gaċ aoinne a d’airiġ iad ċoimeád sé cuiṁne orṫa, agus deiridís le n-a ċéile: Cad a ḃeiḋ againn ar ball ’n-a leiṫéid seo de leanḃ, dar leat? Óir ḃí láṁ an Tiġearna leis.


Agus do ċoimeád Muire na laḃarṫa san go léir, ġá mbreiṫniú ’n-a croiḋe.


Agus d’ḟill sé anuas leó agus ṫáinig sé go Nasaret, agus ḃí sé úṁal dóiḃ. Agus do ċoimeád a ṁáṫair na focail sin go léir ’n-a croiḋe féin.


Agus an ḟaid a ḃí Peadar ’ġá ḃreiṫniú i n’ aigne cad é an saġas an raḋarc san a ċonnaic sé, féaċ, ḃí na fir a ċuir Cornélius uaiḋ ’n-a seasaṁ ag an ndorus, ’ġá ḟiafraiġe cá raiḃ ṫiġ Ṡímóin.


Agus duḃairt seisean, agus é ag féaċainc air agus eagla mór air: Cad é sin, a Ṫiġearna? Agus duḃairt sé leis: Taid t’úrnuiġṫe agus do ḋéirc imiġṫe suas, i gcuíṁne, i láṫair Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ