Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:22 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus nuair a ṫáinig sé amaċ ní féadfaḋ sé laḃairt leó, agus ḃí ’ḟios acu go ḃfeacaiḋ sé raḋarc sa teampul. Agus ḃí se ag déanaṁ cóṁarṫaí ḋóiḃ, agus do lean an ḃailḃe air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus ar ṫeaċt amaċ dó, ní raiḃ sé ábalta laḃairt leo, agus ḃí a ḟios acu go ḃfaca sé raḋarc san teampall. Agus ḃí sé ag déanaṁ cóṁarṫaí dóiḃ, agus ṁair sé balḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus nuair ṫáinig sé amaċ, níor ḟéad sé laḃairt leo; agus do ḃí a ḟios aca go ḃfaca sé aisling sa teampall: agus do lean sé ag déanaṁ cóṁarṫa ḋóiḃ, agus d’ḟan sé balḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus ar ndul a maċ ḋó, nír ḃéidir leis laḃairt ríu: agus do aiṫniġeadar go ḃfacaiḋ sé taiḋḃsi sa teampoll: óir do sméid sé orrṫa, agus do ḟan sé balḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:22
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ḃí na daoine ag feiṫeaṁ le Sacarias, agus ḃí iongna orṫa é ḃeiṫ ag déanaṁ riġnis sa teampul.


Agus do ṫárla, tar éis aimsire a ḋualgais sagairt do ċur dé, gur imṫiġ sé ċun a ṫiġe féin.


Agus do ḃagradar ar a aṫair cad é an ainim ba ṁaiṫ leis a taḃarfaí ar an leanḃ.


Agus do ḃagair Símón Peadar ċuige sin agus duḃairt sé leis: Cé h-é an t-é adeir sé?


Aċ do ḃagair sé le n-a láiṁ orṫa éisteaċt, agus d’innis sé ḋóiḃ conus a ṫug Dia amaċ as an bpríosún é, agus duḃaint sé: Innis na neiṫe sin do Ṡéamus agus do sna ḃráiṫriḃ! Agus ċuaid sé amaċ agus d’imṫiġ sé go h-áit eile.


Do ṫaraigeadar Alecsander amaċ as an mbrúṫ. Do ṡaiġ na Iúdaíġ amaċ é. Do ḃagair Alecsander a láṁ orṫa a’ d’iarraid ciúnais ċun go míneóċaḋ sé an sgéal do sna daoine.


Ṫug sé cead dó. Ansan do ṡeasaiṁ Pól ar an staiġre agus ḃagair sé a láṁ ar an sluaġ agus do deineaḋ ana-ċiúnas agus do laḃair sé leó sa teangain Eaḃra, agus duḃairt sé:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ