Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:20 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus féaċ, beiḋ tú gan caint, agus ní ḟéadfair laḃairt go dtí an lá ’n-a gcóṁlíonfar na neiṫe seo, toisg nár ċreidis mo ċaint-se do ṫiocfaiḋ ċun cinn ’n-a h-aimsir féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus féaċ, béiḋ tú gan ċainnt agus ní ḃéiḋ tú ábalta laḃairt go dtí an lá ina dtárlóċaiḋ na neiṫe seo, de ḃríġ nár ċreid tú mo ḃriaṫra-sa, a ċóiṁlíonfar ina n-am féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus féaċ, béid tú id’ ṫost, agus ní ḟéadfair laḃairt, go dtí an lá ’n‐a dtiocfaiḋ na neiṫe seo ċum críċe de ċionn nár ċreidis mo ḃriaṫra‐sa cóiṁlíonfar ’n‐a n‐am féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus, féuċ, bíaiḋ tú gan úrlaḃra, agus ní bá héidir leaċd laḃairt, go soiṫe an lá an a dtiocfaid na neiṫe so ċum críċe, do ḃríġ nár ċréid tu dom ḃríaṫraiḃsi, noċ coiṁlíonfuiġear na nam féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:20
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Fé ḋeire, ḃí an t-aoinne déag acu ’n-a suiḋe i ḃfoċair a ċéile, agus ṫaisbeáin sé é féin dóiḃ; agus do ċas sé leó a ndíṫċreideaṁ agus a ndúrċroiḋe, toisg nár ċreideadar an ṁuintir a ċonaic go raiḃ sé tar éis aiseiriġe.


Agus ṫugadar ċuige é. Agus ċóṁ luaṫ agus ċonaic sé é d’oibriġ an deaṁan ann, agus ṫuit sé ar an dtalaṁ ’ġá iomlosg féin agus cúḃar leis.


Agus d’ḟreagair an t-aingeal é, agus duḃairt: Is mise Gabriél atá am’ ṡeasaṁ i láṫair Dé, agus do cuireaḋ mé ċun laḃarṫa leat-sa agus na neiṫe seo do ċraoḃsgaoileaḋ ḋuit.


Agus ḃí na daoine ag feiṫeaṁ le Sacarias, agus ḃí iongna orṫa é ḃeiṫ ag déanaṁ riġnis sa teampul.


Agus nuair a ṫáinig sé amaċ ní féadfaḋ sé laḃairt leó, agus ḃí ’ḟios acu go ḃfeacaiḋ sé raḋarc sa teampul. Agus ḃí se ag déanaṁ cóṁarṫaí ḋóiḃ, agus do lean an ḃailḃe air.


Agus is aoiḃinn duit-se gur ċreidis, óir cóṁlíonfar duit na neiṫe a geallaḋ duit ó’n dTiġearna.


Agus do h-osglaḋ láiṫreaċ a ḃéal agus a ṫeanga ḋó-san, agus do laḃair sé agus do ṁol sé Dia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ