Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 14:4 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Ḃí muinntir na caṫaraċ deiġilte, áṁṫaċ, cuid acu ag gaḃáil leis na Iúdaíġ agus cuid acu ag gaḃáil leisna h-Aspuil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus ḃí muinntir na caṫraċ i n-aċrann: agus ḃí cuid acu leoga ar leiṫ na n-Iúdaċ, aċt cuid eile ar leiṫ na n-Abstal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Aċt d’éiriġ deiġilt idir ṁuinntir na caṫraċ; cuid aca ag cur leis na h‐Iúdaċaiḃ, agus cuid aca ag cur leis na h‐abstalaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus tárla connspóid eidir luċd na caiṫreaċ: ionnus go raiḃ dream aca ris na Iúdaiġiḃ, agus dream eile ris na habsdalaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 14:4
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċreid cuid acu ins na neiṫiḃ a duḃraḋ, agus ḃí cuid acu, áṁṫaċ, nár ċreid.


Aċ ḃí daoine dúra ann ná creidfeaḋ, aċ ḃíoḋ ag tarcuisniú sliġe an Tiġearna os cóṁair na ndaoine. D’imṫiġ sé uaṫa agus do ḋeiġil sé na deisgiobuil uaṫa, agus ḃíod sé ag argóint gaċ lá i sgoil fir dár ḃ’ainim Turannos.


A ḋaoine, cad ab áil liḃ ’á déanaṁ san? Daoine a ġeoḃaiḋ bás, mar siḃ féin, iseaḋ sinne, agus táimíd ’ġá iarraiḋ oraiḃ iompáil ó sna neiṫiḃ baoṫa sin ar Ḋia atá beó, ó isé ċruṫuiġ neaṁ agus talaṁ agus muir agus gaċ a ḃfuil ionta.


Agus ḃíodar ag déanaṁ gnóṫa an Tiġearna agus ag déanaṁ trosgaiḋ agus duḃairt an Spioraid Naoṁ leó: Deiġliġiḋ ċuġam Saul agus Barnabas ċun na h-oibre d’á ḃfuilid glacaiṫe agam.


Agus d’eiriġ aiġneas sa tsluaġ mar ġeall air.


Agus do ċuir Simeón a ḃeannaċt orṫa, agus duḃairt sé le Muire a ṁáṫair: Féaċ, tá so ceapaiṫe ċun díṫe agus ċun aiseiriġṫe ḋ’á lán i n-Israél, agus ċun ḃeiṫ ’n-a ċóṁarṫa a ġeoḃaiḋ diúltaḋ;


Ansan nuair a ċonnaic na Iúdaíġ na sluaiġte do líonadar d’ḟormad agus ḃiodar ag bréagnú na cainnte a deireaḋ Pól, go diaṁasluiġṫeaċ.


Aċ do ṡéid na Iúdaíġ fé sna mnáiḃ diaḋa onóraċa agus fé uaisiḃ na caṫaraċ agus ṁúsgladar géareanṁaint ar Ṗól agus ar Ḃarnabas agus ċomáineadar as an dtír iad.


Aċ na Iúdaíġ a ḃí díċreideaṁaċ, do ġríosadar agus do ṡéideadar suas ċun feirge aigne na ngeinte i gcoinniḃ na mbráiṫre.


Agus d’eiriġ fuagar fé sna geintiḃ agus fé sna Iúdaíġ, agus fé sna h-uaċtaráin, ċun iad do ṫarcuisniú agus gaḃáil do ċloċalḃ orṫa,


Aċ ḃí na deisgiobuil ’n-a ṫímpall agus d’eiriġ sé agus ṫáinig sé isteaċ sa ċaṫair, agus amáireaċ a ḃí ċuġainn d’imṫiġ sé féin agus Barnabas so Derḃé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ