Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Tituis 3:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Is fíor an ráḋ é, agus ba ṁian liom go gcuirfeá ’n‐a luiġe ar na daoiniḃ é, go gcaiṫfiḋ an dream ċreideas i nDia deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ. Is iad so na neiṫe atá fóġanta, tairḃeaċ do na daoiniḃ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 As fírinneaċ an ráḋ so, agus is áill leam ṫú ḋeiṁniuġaḋ na neiṫeansa, ionnus go mbíaḋ an dream do ċreid do Ḋía ro ḋíṫċiollaċ a ndéaġoibriġiḃ do ḋéunaṁ. As íad so na neiṫe ṫéid a sóċar agus a dtarḃa do ḋáoiniḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Tituis 3:8
26 Iomraidhean Croise  

agus aduḃairt sé leo‐san, Téiḋiḋ‐se, leis, isteaċ sa ḃfíonġort, agus do‐ḃéarad daoiḃ an méid is cóir. Agus d’imṫiġeadar‐san.


Agus do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd agus aduḃairt, An té ċreideas ionnam‐sa ní h‐ionnam‐sa ċreideas sé, aċt san té do ċuir uaiḋ mé.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té éisteas lem’ ḃriaṫar‐sa agus ċreideas an té do ċuir uaiḋ mé, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé fá ḃreiṫeaṁnas, aċt atá sé aṫruiġṫe ó’n mbás ċum na beaṫaḋ.


Agus aduḃradar‐san léi, Ar míċéill atáir. Aċt do lean sise g‐á ráḋ gurḃ ḟíor é. Agus aduḃradar‐san, Is é a aingeal atá ann.


Aċt do’n duine naċ ndéanann obair, aċt ċreideas san té ḟíréanuiġeas an duine neiṁ‐ḋiaḋa, áirṁṫear a ċreideaṁ‐san mar ḟíréantaċt.


Aċt ó’s é an t‐aon spiorad aṁáin atá againn, do réir mar tá scríoḃṫa, Do ċreideas, agus d’á ḃriġ sin do laḃras; creidimíd‐ne, leis;


ná déanaḋ sé goid ’n‐a ḋiaiḋ seo: aċt ’n‐a ionad sin déanaḋ sé saoṫar, ag déanaṁ oibre fóġanta le n‐a láṁaiḃ, ar ṁoḋ go mbéiḋ rud aige le taḃairt do’n té atá ’n‐a easbaiḋ.


Is inċreidṫe an focal é, agus is fiú glacaḋ ar fad leis, go dtáinig Íosa Críost isteaċ san tsaoġal ċum peacaiġ do ṡlánú; agus is mise an té is measa ḋíoḃ.


Is mian liom, d’á ḃriġ sin, go ndéanfaḋ na fir urnaiġe san uile áit, agus láṁa beannuiġṫe i n‐áirde aca, gan fearg, gan aiġneas.


deaġ‐ṫeist ḃeiṫ uirṫi ás uċt deaġ‐ġníoṁarṫa; má tá clann oilte aici: má ċuir sí fáilte roiṁ stróinséiriḃ, má niġ sí cosa na naoṁ, má ċug sí fóiriṫin ar luċt aindeise, má lean sí go díċeallaċ do gaċ saġas deaġ‐ġníṁ.


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang na neiṫe seo: aċt ní ḟuil aon náire orm; óir atá a ḟios agam cia ann ar ċreideas, agus atáim cinnte ḋe go ḃfuil ar ċumas dó a ḃfuil curṫa fá n‐a ċúram agam do ċoiṁeád fá ċóṁair an lae úd.


ag greamú de’n ḃriaṫar fírinneaċ atá do réir an teagaisc, ċum go mbéiḋ ar ċumas dó na daoine do ġríosaḋ do réir an teagaisc ḟolláin, agus iad‐san ċuireas ’n‐a aġaiḋ do ḃréagnú.


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


dod’ ṫaisbeáint féin ar gaċ sliġe mar ṡompla i dtaoḃ deaġ‐ġníoṁarṫa; ag taḃairt teagaisc ġlain, ċéilliḋe, briaṫar folláin naċ féidir loċt d’ḟáġáil air;


Cuir i gcuiṁin dóiḃ ḃeiṫ uṁal do riaġlóiriḃ agus do luċt uġdaráis, ḃeiṫ urramaċ, ḃeiṫ ullaṁ ċum gaċ deaġ‐ġnó,


Agus ní foláir d’ár muinntir féin a ḟoġlaim cionnas deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ, ċum gaċ niḋ atá riaċtanaċ do ṡoláṫar, ċum naċ mbéiḋ siad gan toraḋ.


do ḃí gan tairḃe ḋuit tamall ó ṡoin, aċt atá tairḃeaċ dúinne araon anois.


agus taḃraimís aire d’á ċéile, ag spreagaḋ a ċéile ċum gráḋa agus ċum deaġ‐ġníoṁarṫa;


ċreideas tríd‐sean i nDia, do ṫóg ó na marḃaiḃ é, agus ṫug glóir dó; ċum go mbéaḋ ḃur muiniġin agus ḃur ndóċas as Dia.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan