Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Tituis 3:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Óir do ḃíomar féin diṫ‐céilliḋe tráṫ, easuṁal, ag dul ar fan, fá smaċt ag ainṁiantaiḃ agus ag áineasaiḃ éagsaṁla, ag caiṫeaṁ ár saoġail le droċ‐rún agus le formad, fuaṫṁar agus sinn ag taḃairt fuaṫa d’á ċéile.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Oír do ḃamairne féin ar úairiḃ éigcéilliḋe, easúṁal, ag dul ar seaċrán, ag leanṁuin dainmíanuiḃ agus danntoiliḃ eugsáṁla, ag caiṫeaṁ ar mbeaṫa a miosguis agus a dtnúṫ, fúaṫṁar, agus ag fúaṫuġaḋ a ċeilé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Tituis 3:3
37 Iomraidhean Croise  

Agus d’ḟreagair seisean, agus aduḃairt, Ní raċad: aċt ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫáinig a ṁalairt d’aigne air, agus do ċuaiḋ sé.


Agus aduḃairt sé, Taḃraiḋ aire naċ meallfar siḃ: óir tiocfaiḋ mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á ráḋ, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidṫe linn: ná leanaiḋ iaḋ‐san.


D’ḟreagair Íosa iad, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Duine ar biṫ do‐ġní peacaḋ is seirḃíseaċ do’n ṗeacaḋ é.


Mar an gcéadna ḃí siḃ‐se easuṁal do Ḋia roiṁe seo, aċt fuair siḃ trócaire anois tré n‐a n‐easuṁlaċt‐san,


D’á ḃriġ sin ná bíoḋ réimeas ag an bpeacaḋ ’n‐ḃur gcorp daonna, ċum go ngéillfeaḋ siḃ d’á ainṁiantaiḃ:


Aċt, buiḋeaċas le Dia, giḋ go raḃaḃar ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do’n ṗeacaḋ, d’uṁluiġeaḃar ó ċroiḋe do ṁoḋ an teagaisc d’á dtugaḃar siḃ féin;


Aċt anois, ar mbeiṫ fuascailte ó ṗeacaḋ ḋaoiḃ, agus siḃ ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do Ḋia, atá toraḋ ḃur saoṫair agaiḃ ċum naoṁṫaċta, agus is í an ḃeaṫa ṡíorraiḋe an deireaḋ béas air.


mar tá a ḟios againn gur céasaḋ ár sean‐nádúir ’n‐a ṫeannta, ċum go ḃfágfaiḋe corp an ṗeacaiḋ gan éifeaċt, ċum naċ mbéimís fá ḋaor‐smaċt an ṗeacaiḋ feasta;


Óir is eagal liom, nuair ṫiocfad, naċ ḃfaiġead siḃ ḃeiṫ mar ba ṁian liom, agus go ḃfaiġeaḋ siḃ mise gan ḃeiṫ mar nár ṁian liḃ; ar eagla, b’ḟéidir, go mbéaḋ aċrann, formad, fearg, deaġailt, cúl‐ċainnt, bíodán, éirġe‐i‐n‐áirde, círéiḃ;


Óir má ṁeasann aon duine gur niḋ éigin é féin, agus gur neaṁ‐niḋ é, meallann sé é féin.


Agus siḃ‐se do ḃí lá de’n traoġal ’n‐ḃur gcoiṁṫiġeaċaiḃ agus ’n‐ḃur náiṁdiḃ ’n‐ḃur n‐aigne de ḋeascaiḃ ḃur ndroċ‐ġníoṁarṫa, atá


’n‐ár ṡiuḃail siḃ‐se roiṁe seo, an tráṫ ’n‐a raiḃ siḃ ag caiṫeaṁ ḃur saoġail ins na neiṫiḃ úd.


Aċt éireoċaiḋ droċ‐ḋaoine agus mealltóirí níos measa agus níos measa, ag meallaḋ agus d’á meallaḋ féin.


Óir daoine de’n aicme sin is eaḋ iad‐san ṡleaṁnuiġeas isteaċ i dtiġṫiḃ agus árduiġeas leo ċum daor‐ḃroide mná baoṫánta atá fá ualaċ peacaiḋe, d’á luascaḋ ag miantaiḃ de’n uile ṡaġas,


Cuireann siad i gcéill go ḃfuil eolas ar Ḋia aca; aċt is aṁlaiḋ ṡéanas siad le n‐a ngníoṁarṫaiḃ é, ar mbeiṫ ḋóiḃ gráineaṁail, easuṁal, agus iad gan éifeaċt le h‐aġaiḋ deaġ‐oibre ar biṫ.


g‐á ṁúineaḋ ḋúinn neaṁḋiaḋaċt agus ainṁianta saoġalta do ṡeaċaint, agus ár saoġal do ċaiṫeaṁ go staidéarṫa, fíréanta, diaḋa san ré seo atá de láṫair;


Má ṁeasann aoinneaċ naċ gcuireann srian le n‐a ṫeangain, gur duine cráiḃṫeaċ é, aċt ḃíos ag meallaḋ a ċroiḋe féin, is cráiḃṫeaċt gan briġ atá ag an duine sin.


mar ḋéanfaḋ clann uṁal, gan géilleaḋ do na sean‐ainṁiantaiḃ do ċleaċtaḃar ’n‐ḃur n‐ainḃfios;


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Agus meallann sé luċt áitreaḃa na talṁan leis na miorḃailtiḃ tugaḋ le déanaṁ ḋó i ḃfiaḋnaise an ainṁiḋe, g‐á ráḋ le luċt áitreaḃa na talṁan íoṁáiġ do ḋéanaṁ do’n ainṁiḋe fuair an ġoin ó’n gclaiḋeaṁ, agus do ṁair beo.


Agus do ġlaoḋ sé amaċ de ġuṫ árd, g‐á ráḋ, Tuitṫe! tuitṫe! atá sí tuitṫe, an Ḃaibiolóin Ṁór, agus atá áitreaḃ deaṁan déanta ḋi, agus uaċais do gaċ spiorad neaṁ‐ġlan, agus carcair do gaċ éan neaṁ‐ġlan, aḋḟuaṫṁar.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan