Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Tituis 3:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 gan olc do laḃairt i dtaoḃ aon duine, gan ḃeiṫ bruiġeanaċ, ḃeiṫ ceannsa, ag taisbeáint gaċ macántaċta do gaċ uile ḋuine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Gan neaċ ar biṫ do ṁasluġaḋ, gan ḃeiṫ brúiġneaċ, aċd suáiṁneaċ, ag táisbéunaḋ na huile ċeannsaċda do na huile ḋáoiniḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Tituis 3:2
35 Iomraidhean Croise  

Tógaiḋ mo ċuing‐se oraiḃ, agus foġlaimiḋ uaim, óir atáim ceannsa agus uṁal im’ ċroiḋe: agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ faoiseaṁ d’ḃúr n‐anmannaiḃ.


Agus aduḃairt Pól, Ní raiḃ a ḟios agam, a ḃráiṫreaċa, gurḃ é an t‐árd‐ṡagart é: óir atá scríoḃṫa, Ní ṫiuḃrair droċ‐ċainnt d’uaċtarán mo ṗobail.


ná luċt sainnte, ná meisceoirí, ná masluiġṫeoirí, ná foġlaiḋṫe, ní ḃfaiġiḋ siad‐san ríoġaċt Dé mar oiḋreaċt.


Óir giḋ go ḃfuilim saor ó ċáċ, do rinneas seirḃíseaċ díom féin ċum gur mó an méid go ḃuaiḋfinn.


Anois, aṫċuinġim‐se, Pól, ḃíos úiríseal ’n‐ḃur measc, agus mé ’n‐ḃur láṫair, aċt ḃíos an‐dána ’n‐ḃur dtaoḃ agus mé as láṫair, as uċt caoiṁe agus mánlaċta Ċríost, impiḋim oraiḃ,


Óir is eagal liom, nuair ṫiocfad, naċ ḃfaiġead siḃ ḃeiṫ mar ba ṁian liom, agus go ḃfaiġeaḋ siḃ mise gan ḃeiṫ mar nár ṁian liḃ; ar eagla, b’ḟéidir, go mbéaḋ aċrann, formad, fearg, deaġailt, cúl‐ċainnt, bíodán, éirġe‐i‐n‐áirde, círéiḃ;


Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse,


A ḃráiṫre, má beirtear ar ḋuine i míġníoṁ ar biṫ, siḃ‐se atá spioradálta, cuiriḋ i gceart é le spiorad ceannsaċta; ag féaċaint ċugat féin ar eagla go gcurtar caṫú ort.


Mar sin de, do réir mar ḃíos an uain againn, déanaimís an ṁaiṫ do’n uile ḋuine, go mórṁór do luċt tiġe an ċreidiṁ.


le foiḋne, ag géilleaḋ d’á ċéile i ngráḋ:


Curtar uaiḃ gaċ seirḃe, agus aingiḋeaċt, agus fearg, agus caismirt, agus iṫiomráḋ, agus an uile ṡaġas droċ‐rúin:


Bíoḋ ḃur gcaoiṁe soiléir do’n uile ḋuine. Atá an Tiġearna i gcóṁgar.


Aċt is aṁlaiḋ do ḃíomar caoin‐ċeannsa ’n‐ḃur measc, mar ḃéaḋ buime ag oileaṁain a clainne féin:


Agus ar an gcuma ċéadna, ní foláir do na mnáiḃ ḃeiṫ stuamḋa, gan ḃeiṫ bíodánaċ, aċt ḃeiṫ macánta, dílis san uile niḋ.


gan ḃeiṫ tugṫa do’n ḟíon, gan ḃeiṫ bruiġeantaċ;


Aċt an eagnaiḋeaċt atá ó neaṁ anuas, i gcéadóir atá sí glan‐úr, síoṫċánta, leis sin, ceannsa, so‐ċóṁairleaċ, gan cealg, gan fimíneaċt.


Ná cáiniḋ a ċéile, a ḃráiṫre. An té ċáineas a ḃráṫair, nó do‐ḃeir breiṫ ar a ḃráṫair, cáineann sé an dliġe agus do‐ḃeir sé breiṫ ar an dliġe: aċt má ḃeireann tú breiṫ ar an dliġe, ní duine uṁluiġeas do’n dliġe ṫú, aċt is breiṫeaṁ ṫú.


Cuiriḋ ḋíḃ, d’á ḃriġ sin, gaċ droċ‐rún, agus calaois,


Óir, An té gur mian leis beaṫa, Agus laeṫe maiṫe d’ḟeicsin, Coisceaḋ sé a ṫeanga de’n olc, Agus a ḃeola d’ḟoclaiḃ mealltaċa:


I ndeireaḋ scéil, biḋiḋ uile ar aon intinn, aṫtruaġaċ, lán de ġráḋ bráṫarḋa, so‐ċroiḋeaċ, aċt uṁal;


Agus is niḋ é ċuireas iongnaḋ orṫa‐san, a ṁeas naċ riṫeann siḃ i n‐éinḟeaċt leo isteaċ i raḃarta ainṁeasarḋaċta, ag laḃairt go masluiġṫeaċ ’n‐ḃur dtaoḃ.


iad‐san go mór‐ṁór ċleaċtas droċ‐ṁianta na colna, le h‐andúil i neaṁ‐ġlaine, agus do‐ḃeir droċ‐ṁeas ar sṁaċt. Daoine ceanndána, antoileaċa, ní h‐eagal leo masla do ṫaḃairt do’n tsluaġ glórṁar:


Aċt laḃrann an dream so go masluiġṫeaċ i dtaoḃ neiṫe naċ ḃfuil aon eolas aca orṫa: agus na neiṫe go ḃfuil eolas ó ḋúṫċas aca orṫa, truailliġeann siad féin ionnta ar nós ainṁiḋṫe gan réasún.


Aċt ċeana, saluiġeann siad so an ċolann le n‐a n‐aislingiḃ, agus ġníonn siad beag‐is‐fiú de ṫiġearnas, agus masluiġeann siad an sluaġ glórṁar.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan