Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Tituis 3:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus ní foláir d’ár muinntir féin a ḟoġlaim cionnas deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ, ċum gaċ niḋ atá riaċtanaċ do ṡoláṫar, ċum naċ mbéiḋ siad gan toraḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus déunuid an dream as dínne mar an gcéudna fóġluim ar ḋeaġoibriġiḃ do ḋéunaṁ ċum na ngnáhuiġṫeaḋ riaċdanaċ, ionnus naċ beídis neaṁṫoruiḋeaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Tituis 3:14
21 Iomraidhean Croise  

Agus ar ḟeicsin crainn fige ḋó le cois an ḃealaiġ, ṫáinig sé ċuige, agus ní ḟuair sé aon rud air, aċt duilleoga aṁáin; agus aduḃairt sé leis,


Gaċ crann naċ dtugann toraḋ maiṫ gearrtar é, agus caiṫtear sa teiniḋ é.


Ní siḃ‐se do ṫoġ mise, aċt is mise do ṫoġ siḃ‐se, agus do ċeapas siḃ ċum go n‐imṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go mbéaḋ ḃúr dtoraḋ buan: ionnas, cibé niḋ iarrfas siḃ ar an Aṫair im’ ainm‐se, go dtiuḃraḋ sé ḋaoiḃ é.


Siḃ‐se do ṫaḃairt mórán torṫa, as sin is eaḋ tugtar glóir dom’ Aṫair; agus siḃ do ḃeiṫ ’n‐ḃúr ndeisceablaiḃ agam‐sa.


agus ṫáinig sé ċuca‐san; agus, toisc é ḃeiṫ ar aon ċeárd leo, d’ḟan sé aca, agus d’oibriġ sé ’n‐a ḃfoċair, óir ba ḋéantóirí pailliún iad de réir ceirde.


Do ḃíos im’ eisiompláir ḋaoiḃ ins gaċ éinniḋ, g‐á ṫaisbeáint daoiḃ gur ag obair ar an gcuma sin ba ḋual daoiḃ cuidiú leis na daoiniḃ laga, agus cuiṁniú ar ḃriaṫraiḃ an Tiġearna Íosa, mar aduḃairt sé, Is mó is beannuiġṫe bronnaḋ ’ná glacaḋ.


go seasṁaċ san urnaiġe; ag caḃrú leis na naoṁaiḃ ’n‐a riaċtainisiḃ; ag cleaċtaḋ na féile.


Mar sin de, ċóṁ luaṫ is ḃéas sin déanta agam, agus na bronntanais sin taḃarṫa agam dóiḃ, tiocfaiḋ mé ċugaiḃ san tsliġe ḋom fá ḋéin na Spáinne.


ná déanaḋ sé goid ’n‐a ḋiaiḋ seo: aċt ’n‐a ionad sin déanaḋ sé saoṫar, ag déanaṁ oibre fóġanta le n‐a láṁaiḃ, ar ṁoḋ go mbéiḋ rud aige le taḃairt do’n té atá ’n‐a easbaiḋ.


líonta de ṫoraḋ na fíréantaċta, ċum glóire agus aḋṁolta Dé.


aċt siḃ‐se aṁáin; óir i dTesaloníca féin dom do ċuir siḃ congnaṁ ċugam uair nó dó le h‐aġaiḋ mo riaċtanais.


Ní h‐é go ḃfuilim ag éileaṁ aon ḃronntanais; aċt gur ab aṁlaiḋ atáim ar lorg an torṫa raċas cum creideaṁna ḋaoiḃ.


ċum go siuḃalfaiḋ siḃ mar d’oirfeaḋ daoiḃ san Tiġearna, go sásóċaiḋ siḃ é ar an uile ṡliġe, ag taḃairt torṫa san uile ḋeaġ‐ġníoṁ, agus ḃur n‐eolas ar Ḋia ag dul i méid;


Óir is cuiṁin liḃ, a ḃráiṫre, an saoṫar agus an duaḋ fuaramar: ag obair d’oiḋċe agus de ló, ċum naċ mbéimís mar ualaċ ar aon duine agaiḃ, do ṡeanmóruiġeamar soiscéal Dé ḋaoiḃ.


agus níor iṫeamar arán aon duine i n‐aisce, aċt ag obair go cruaiḋ, dóċaṁlaċ, d’oiḋċe agus de ló, ċum naċ mbéimís mar ualaċ ar aon duine agaiḃ.


ar ṁoḋ go gcuirfear náire ar an trasnálaiḋe, gan droċ‐ḟocal ḃeiṫ fágṫa aige le ráḋ ’n‐ár dtaoḃ.


Is fíor an ráḋ é, agus ba ṁian liom go gcuirfeá ’n‐a luiġe ar na daoiniḃ é, go gcaiṫfiḋ an dream ċreideas i nDia deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ. Is iad so na neiṫe atá fóġanta, tairḃeaċ do na daoiniḃ:


Óir má ḃíonn na tréiṫe seo go líonṁar ionnaiḃ, ní leigfiḋ siad daoiḃ ḃeiṫ leisceaṁail, gan toraḋ, ċum eolas d’ḟáġáil ar ár dTiġearna Íosa Críost.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan