Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Tituis 2:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 dod’ ṫaisbeáint féin ar gaċ sliġe mar ṡompla i dtaoḃ deaġ‐ġníoṁarṫa; ag taḃairt teagaisc ġlain, ċéilliḋe, briaṫar folláin naċ féidir loċt d’ḟáġáil air;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Taisbein ṫú fein sna huile neiṫiḃ ad eisiompláir ḋeaġoibriġṫeaḋ: maille ré teagusg neaṁṫruáilliġe, trómġa, fiórġlanaḋ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Tituis 2:7
12 Iomraidhean Croise  

Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.


Óir ní mar an ṁór‐ċuid ḃímíd, ag truailliú Briaṫair Dé: aċt laḃraimíd i gCríost le fíre, mar ḃéaḋ ó Ḋia, i ḃfiaḋnaise Dé.


aċt ṫugamar cúl leis na neiṫiḃ náireaċa cleaċtar fá rún, agus ní ḃímíd ag siuḃal i ngliocas, ná ag truailliú briaṫair Dé, aċt, ag foillsiú na fírinne ḋúinn, tuillimíd molaḋ i gcoinsias gaċ duine i ḃfiaḋnaise Dé.


Ní abraim é seo ċum órdú do ṫaḃairt aċt mar ḋúil is go ḃféaċfainn an ḃfuil siḃ dá ríriḃ ’n‐ḃur ngráḋ tré ḋúṫraċt na ndaoine eile.


ó Ḋia an t‐Aṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost. Go raiḃ grása aca‐san go léir go ḃfuil gráḋ gan smál aca do’n Tiġearna Íosá Críost.


ċum go ndearḃuiġiḋ siḃ na neiṫe is fearr; ċum go raiḃ siḃ fíor‐ġlan, gan loċt ar biṫ i gcóṁair lae Ċríost;


Ní h‐é nárḃ é ár gceart é, aċt ċum sompla do ṫaḃairt daoiḃ, ċum go ndéanfaḋ siḃ aiṫris orainn.


Ná leig d’aon duine beag‐is‐fiú do ḋéanaṁ det’ óige; aċt bí id’ eisiompláir do luċt an ċreidiṁ, i mbriaṫraiḃ béil, i mbéasaiḃ, i ngráḋ, i gcreideaṁ, i ḃfíor‐ġlaine.


deaġ‐ṫeist ḃeiṫ uirṫi ás uċt deaġ‐ġníoṁarṫa; má tá clann oilte aici: má ċuir sí fáilte roiṁ stróinséiriḃ, má niġ sí cosa na naoṁ, má ċug sí fóiriṫin ar luċt aindeise, má lean sí go díċeallaċ do gaċ saġas deaġ‐ġníṁ.


Is fíor an ráḋ é, agus ba ṁian liom go gcuirfeá ’n‐a luiġe ar na daoiniḃ é, go gcaiṫfiḋ an dream ċreideas i nDia deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ. Is iad so na neiṫe atá fóġanta, tairḃeaċ do na daoiniḃ:


gan ḃeiṫ ag déanaṁ máiġistreaċta ar a ḃfuil fá ḃur gcúram, aċt ḃeiṫ ag taḃairt eisiompláire do’n tréad.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan