Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Tituis 2:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 is é sin go mba ceart do na daoiniḃ aosta ḃeiṫ staidéarṫa, moḋaṁail, stuamḋa, slán san gcreideaṁ, san ngráḋ, san ḃfoiḋne:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Eaḋon dáoine áosda do ḃeiṫ aireaċ, trómġa, measárġa, diongṁálta a gcréideaṁ, a ngráḋ, agus a ḃfoiġid.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Tituis 2:2
33 Iomraidhean Croise  

Agus ṫángadar ċum Íosa, agus do ċonnacadar an fear ’n‐a mbíoḋ na deaṁain, é ’n‐a ṡuiḋe, agus a éadaiġe air, agus é ’n‐a ṁeaḃair ṡaoġalta, an fear céadna ’n‐a raiḃ an léigiún: agus ṫáinig eagla orṫa.


Agus do ċuadar amaċ go ḃfeicfidís créad do ṫuit amaċ; agus ṫángadar ċum Íosa, agus fuaradar an fear as ar imṫiġ na deaṁain, a éadaiġe air, agus é ’n‐a ṡuiḋe ’n‐a ġlain‐ṁeaḃair ag cosaiḃ Íosa: agus do ḃí eagla orṫa.


Aċt ag tráċt dó ar ḟíréantaċt, agus ar ṁeasarḋaċt, agus ar an mbreiṫeaṁnas a ḃí le teaċt, do scannruiġ Féilics, agus aduḃairt sé, Imṫiġ leat anois; agus nuair ḃéas uain agam, cuirfead fios ort.


Óir adeirim, ṫríd an ngrása tugaḋ ḋom, le gaċ duine ’n‐ḃur measc, gan meas níos áirde ’ná ba ċóir do ḃeiṫ aige air féin, aċt maċtnaṁ stuamḋa do déanaṁ, do réir mar roinn Dia ar gaċ duine a ṁiosúr féin de ċreideaṁ.


Dúisiġiḋ ċum fíréantaċta, agus ná déanaiḋ peacaḋ: óir atá cuid agaiḃ atá gan eolas ar Ḋia: deirim an méid seo ċum náire do ċur oraiḃ.


Agus gaċ duine ṫéiġeas san iomaiḋeaċt cleaċtann sé smaċt do ċoiṁeád air féin ar gaċ sliġe. Agus do‐ġní siad‐san sin ċum coróin truailliġṫe do ḃuaḋaċtain; aċt doġnímíd‐ne é ċum coróin neaṁ‐ṫruailliġṫe do ḃuaḋaċtain.


Óir má táimíd ar easbaiḋ céille, is ar son Dé é; nó má táimíd ’n‐ár gcéill, is ar ḃur son‐sa é.


caoiṁe, stuamḋaċt: ní ḟuil dliġe ar biṫ i n‐aġaiḋ a leiṫéidí sin.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, gaċ a ḃfuil fíor, gaċ a ḃfuil uasal, gaċ a ḃfuil glan, gaċ a ḃfuil ’n‐a ḋíol gráḋa, gaċ a ḃfuil fá ḋeaġ‐ċlú; gaċ suḃáilce, gaċ éinniḋ atá ionṁolta, gur ab orṫa sin ḃéas siḃ ag smaoineaḋ.


Ná bímís ’n‐ár gcodlaḋ, mar sin, ar nós daoine eile, aċt bímís ag faire, agus bímís ’n‐ár gcéill.


Aċt sinne, daoine de ċlainn an lae, bímís ’n‐ár gcéill, tar éis lúireaċ an ċreidiṁ agus an ġráḋa do ċur orainn; agus an dóċas ċum slánuiġṫe ḃeiṫ mar ċlogad orainn.


do luċt striapaċais, do luċt ainṁianta mí‐nádúrṫa, do luċt goidṫe daoine, do ḃréagairiḃ, agus éinniḋ eile atá i n‐aġaiḋ an teagaisc ḟolláin;


agus do ṁéaduiġ grása ár dTiġearna go mór, le creideaṁ agus leis an ngráḋ atá i nÍosa Críost.


ċum Timóteuis, fíor‐ṁac liom san gcreideaṁ: Grása, trócaire agus síoṫċáin, ó Ḋia an tAṫair agus ó Íosa Críost ár dTiġearna.


Aċt is é cuspóir an teagaisc an gráḋ as croiḋe úr‐ġlan, agus as coinsias maiṫ, agus as creideaṁ neaṁ‐ċealgaċ.


Agus ar an gcuma ċéadna, ní foláir do na mnáiḃ ḃeiṫ stuamḋa, gan ḃeiṫ bíodánaċ, aċt ḃeiṫ macánta, dílis san uile niḋ.


Uime sin ní foláir do’n easboc ḃeiṫ gan loċt, ḃeiṫ pósta le mnaoi aṁáin, ḃeiṫ measarḋa, staidéarṫa, déiġḃéasaċ, fáilteaċ; ullaṁ ċum teagasc do ṫaḃairt,


aċt ḃeiṫ ceannsa, síoṫċánta, gan sainnt: ḃeiṫ ’n‐a ḋuine riaġluiġeas a ṫeaġlaċ féin go maiṫ, agus go ḃfuil a ċlann féin fá smaċt le stuaim aige;


Ar an gcuma ċéadna ní foláir do na deoċanaiḃ ḃeiṫ stuamḋa, gan teanga‐liom‐leat ḃeiṫ aca, gan ḃeiṫ tugṫa do ṁórán fíona, gan ḃeiṫ sanntaċ i ndroċ‐éadáil;


Ná bagair ar ṡeanduine, aċt déan impiḋe air mar ḃéaḋ aṫair ann: na fir óga mar ḃéaḋ bráiṫre ann:


Fiaḋnaise ḟíor is eaḋ í seo. D’á ḃriġ sin aiṫḃear go géar iad, ċum go mbéiḋ creideaṁ folláin aca,


aċt ḃeiṫ fáilteaċ, ’n‐a ċaraid do’n ṁaiṫ, ḃeiṫ ’n‐a ḋuine staidéarṫa, ionnraic, naoṁṫa, cneasta;


dod’ ṫaisbeáint féin ar gaċ sliġe mar ṡompla i dtaoḃ deaġ‐ġníoṁarṫa; ag taḃairt teagaisc ġlain, ċéilliḋe, briaṫar folláin naċ féidir loċt d’ḟáġáil air;


is é is fearr liom impiḋe do ḋéanaṁ ort, ar son an ġráḋa, agus gur mise Pól atá im’ ṡean‐ḟear, agus im’ ṗríosúnaċ anois ar son Íosa Críost:


D’á ḃriġ sin, ag teannaḋ ḃur n‐intinne, biḋiḋ stuama, agus bíoḋ ḃur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiuḃarfar daoiḃ le foillsiú Íosa Críost;


Aċt atá deireaḋ gaċ éinniḋ i gcóṁgar: biḋiḋ céilliḋe d’á ḃriġ sin, go h‐aireaċ ’n‐ḃur n‐urnaiġṫiḃ.


Biḋiḋ stuamḋa, biḋiḋ ar ḃur n‐aire; bíonn ḃur n‐áiḋḃeirseoir, an diaḃal, ag siuḃal ṫart timċeall mar leoṁan búirfeaḋaċ ar ṫóir an té ḟéadas sé a ṡlugaḋ.


agus eolas le suḃáilce; agus measarḋaċt le h‐eolas; agus foiḋne le measarḋaċt;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan