Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Tituis 1:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 ag greamú de’n ḃriaṫar fírinneaċ atá do réir an teagaisc, ċum go mbéiḋ ar ċumas dó na daoine do ġríosaḋ do réir an teagaisc ḟolláin, agus iad‐san ċuireas ’n‐a aġaiḋ do ḃréagnú.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Ag comgṁáil na bréiṫre dísle go daingean do réir ṫeaguisg, ionnus go maḋ féidir léis teagusg do ṫaḃairt úaḋ maille ré foirceadal fallain agus an dream laḃrus na aġuiḋ do ḃréugnuġaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Tituis 1:9
24 Iomraidhean Croise  

óir do ṡáruiġ sé go bríoġṁar ar na h‐Iúdaċaiḃ go poibliḋe san diospóireaċt, g‐a ċroṫú ḋóiḃ gurḃ é Íosa an Críost.


Aċt má’s ag fáiḋeadóireaċt ḃíos gaċ aoinneaċ, agus go dtagann duine díċreidṁeaċ nó duine aineolaċ isteaċ, bíonn sé d’á spreagaḋ ag cáċ, bíonn sé fá ḃreiṫ cáiċ; noċtar rúna a ċroiḋe;


froṁaiḋ gaċ aon niḋ; greamuíġiḋ go daingean ḋá ḃḟuil maiṫ;


Uime sin, a ḃráiṫre, seasuiġiḋ go daingean, agus congḃuiġiḋ gaċ ar múineaḋ ḋaoiḃ le briaṫar béil, nó le h‐eipistil uainne.


do luċt striapaċais, do luċt ainṁianta mí‐nádúrṫa, do luċt goidṫe daoine, do ḃréagairiḃ, agus éinniḋ eile atá i n‐aġaiḋ an teagaisc ḟolláin;


Is inċreidṫe an focal é, agus is fiú glacaḋ ar fad leis, go dtáinig Íosa Críost isteaċ san tsaoġal ċum peacaiġ do ṡlánú; agus is mise an té is measa ḋíoḃ.


ag coiṁeád an ċreidiṁ agus consiais ṁaiṫ; rud atá tréigṫe ag daoiniḃ áiriṫe go ḃfuil long‐ḃriseaḋ déanta de’n ċreideaṁ aca.


Is inċreidṫe an focal é, agus is fiú glacaḋ ar fad leis.


Má ṁúineann aoinneaċ a ṁalairt de ṫeagasc, agus muna gclaoiḋeann sé le briaṫraiḃ fóġanta, briaṫra ár dTiġearna Íosa Críost, agus leis an teagasc atá do réir cráḃaiḋ;


Congḃuiġ go daingean sompla na mbriaṫar maiṫ do ċualais uaim, san gcreideaṁ agus san ngráḋ atá i nÍosa Críost.


Agus na neiṫe do ċualais uaim‐se i n‐éisteaċt móráin fiaḋnaiḋṫe, cuir ar iontaoiḃ daoine ionnraice iad, go mbéiḋ ar ċumas dóiḃ daoine eile do ṫeagasc, leis.


lán d’ḟoiḋne, ag ceartú na ndaoine ċuireas ’n‐a aġaiḋ le ceannsaċt, le súil go dtiuḃrfaiḋe Ḋia ḋóiḃ, am ar biṫ, aiṫriġe do ḋéanaṁ ċum eolas d’ḟáġáil ar an ḃfírinne,


Aċt lean‐sa de na neiṫiḃ atá foġlamṫa agat agus go ḃfuil tú dearḃṫa ḋíoḃ, agus a ḟios agat ciarḃ iad ó n‐ár ḟoġlaimis iad;


Óir tiocfaiḋ an t‐am naċ seasfaiḋ siad deaġ‐ṫeagasc; aċt le tocas ’n‐a gcluasaiḃ, cruinneoċaiḋ siad ċuca féin luċt teagaisc do réir a n‐ainṁianta féin:


go gcaiṫfear a mbéal do ḋúnaḋ; daoine ċuireas teaġlaiġ iomlána bun os cionn, ag múineaḋ neiṫe naċ cóir ar son airgid neaṁ‐ġlain.


Aċt laḃair‐se na neiṫe oireas do’n teagasc fóġanta:


A ċáirde ionṁaine, ó ṫárla go raiḃ fonn mór orm scríoḃaḋ ċugaiḃ i dtaoḃ ár slánuiġṫe ċóṁ‐ċoitċinn, is é do ḃí ’gam’ spreagaḋ a ṁeas go raiḃ sé de ḋualgas orm scríoḃaḋ ċugaiḃ g’á impiḋe oraiḃ an creideaṁ tugaḋ aon uair aṁáin do na naoṁaiḃ do ċosaint go daingean.


Aċt ċeana, congḃuiġiḋ greim ar a ḃfuil agaiḃ, nó go dtagad.


Atáim ag teaċt go luaṫ; congḃuiġ a ḃfuil agat, ċum naċ mbainfiḋ aoinneaċ do ċoróin díot.


Cuiṁniġ, d’á ḃriġ sin, ar a ḃfuarais agus ar a gcualais, agus congḃuiġ é, agus déan aiṫriġe. Aċt muna ndéanair faire, tiocfad‐sa ar nós gadaiḋe, gan a ḟios agat cia an uair ṫiocfad ort.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan